Ciorcal Cloch na Bealtaine

Is éard atá i gCiorcal Cloch na Bealtaine ciorcal cloch 64 doch mhór timpeall ar ardán íseal cré atá lonnaithe i Ráth Bhoth i dTír Chonaill. D’fhéadfadh sé go raibh timpeall is 80 cloch ann i dtosach. Tá ceann de na clocha ar an taobh thoir thuaidh den chiorcal maisithe le fáinní cupán - logáin bheaga chiorcalacha - ar an taobh istigh. Is cosúil go raibh feidhm faoi leith ag cloch áirithe, cloch atá tuairim is 2 mhéadar ar airde, atá ina seasamh ar an taobh thoir theas den chiorcal ó thaobh deasghnátha a bhíodh ar siúl sa chiorcal.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Ciorcal Cloch na Bealtaine
Íomhá
Sonraí
CineálLiagchiorcal
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinRáth Bhoth, Éire
Map
 54°51′03″N 7°35′59″W / 54.850919°N 7.599622°W / 54.850919; -7.599622
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir463

Sa Chré-umhaois Dhéanach (1400 - 800 RCh) a tógadh ciorcail chloch eile ar nós an chinn seo. Ní fios dúinn cén fheidhm a mbaintí astu, ach is dóigh gur bhain siad le deasghnátha reiligiúnacha a mbíodh pointí airde na gréine agus na gealaí a bhreacadh mar chuid díobh. Faightear taisí créamtha iontu ó am go chéile ach ní cosúil gur mar áiteanna adhlactha a leagadh amach iad.

Is dóigh gur san Iarannois réamhChríostaí (400 R.Ch - A.D400) a snoíodh an cloigeann cloiche a fuarthas ar an suíomh seo agus d’fhéadfadh sé a léiriú gur fhan an séadchomhartha seo ina ionad gníomhaíochta deasghnátha ar feadh na gcéadta bliain tar éis a thógtha.

Foinsí cuir in eagar

Tá an t-eolas seo bunaithe ar chomharthaí eolais ag an suíomh féin.