Osclóidh seo an príomhroghchlár
Infheistíochtaí na gcistí fálithe idir 2000 agus 2007

Is éard is ciste fálaithe ann ná gléas infheistíochta comhthiomsaithe á riaradh ag comhlacht bainistíochta gairmiúil, agus is minic a bhíonn sé curtha le chéile mar chomhpháirtíocht theoranta, mar chuideachta dliteanais theoranta, nó mar fheithicil den chineál céanna. De gnáth, bíonn cistí fálaithe éagsúil ó chistí frithpháirteacha, toisc nach gcuireann rialtóirí srian ar an leas a bhaineann siad as ghiaráil chaipitiúil agus as chistí cothromais príobháideacha, mar go n-ineistíonn an chuid is mó de na cistí fálaithe i sóchmhainní a bhíonn a bheag nó a mhór ina sóchmhainní leachtacha. Infheistíonn cistí fálaithe i raon leathan de mhargaí agus úsáideann siad stíleanna infheistíochta agus ionstraimí airgeadais éagsúla. Tagraíonn an t-ainm "ciste fálaithe" do na teicnící fálaithe a d'úsáid na cistí fálaithe go traidisiúnta, ach sa lá atá inniu ann, ní gá go mbaintear úsáid as 'fálú'.