Teimpléad:Infobox clan

Uaimh-Binn ar Stafa, a bhí tráth ina chuid d'eastát Chlann Guaire.
Ard-Ghinearálta Lachlan Mac Guaire CB , "Athair na hAstráile."
Íomhá:MacQuarrie coat of arms.jpg
Armas a bhain le Thaoiseach Chlann Guaire in Ulbha.

Clann ársa is ea Clann Guaire i nGaeltacht na hAlban ar a raibh úinéireacht na n-oileán Ulva, Staffa agus Gòmastra, chomh maith le réimsí móra talún ar Oileán Muile, atá lonnaithe ar fad sna h-Eileanan a-staigh. Ceann de sheacht 'Sìol Ailpein' is ea í Clann Guaire, sliocht uasal Ríthe na gCruithneach agus na nDál Riata. Ceann den cheithre clanna is sine san Ghàidhealtachd agus is féidir an shliocht a rianú chun an 9ú haois, go dtí Cináed mac Ailpin, céad Rí na nAlbanach. Déanann lámhscríbhinn 1450 cur síos ar shliocht Chlann Guaire, ó Ghuaire, deartháir Fionghan (sinsear Clann Fhionghain) agus Anrias (sinsear Clan Gregor). [1] Ba trodaithe fiochmhara iad i gCogaí Shaoirse na hAlban agus throid siad mar thacaíocht don rí Roibeart Brús ag Blàr Allt a' Bhonnaich sa bhliain 1314.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Skene, vol. 2, lgh. 263-264.