Cleamhnas is Pósadh: Peig Sayers agus The Quiet Man

Cleamhnas cuir in eagar

Sainmhíniú: Is éard is brí le cleamhnas ná fear agus bean a thabhairt in araicis a chéile le lánúin a dhéanamh díobh agus le pósadh a shocrú dóibh.[1]

Cén fáth a raibh gá leis: Smacht a chur ar iompar agus gnéasacht nach raibh ag teastáil, agus cosc a chur le caidreamh mí-oiriúnach, ar nós caidreamh lasmuigh den ghrúpa reiligiúnach, mar shampla, nó an grúpa cultúrtha. Buntáiste amháin a bhain leis an gcleamhnas ná gur rinne sé cultúir agus reiligiúin ‘idéalach’ a chosc. Buntáistí eile a bhain leis ná gur choimeád sé onóir clainne nó gealltanais clainne, rinne sé nasc clainne a láidriú, chinntigh sé go bhfanann talamh, airnéis agus saibhreas sa chlann, chomh maith le cúnamh a thabhairt d’éilimh teach cónaithe agus saoránacht. Uaireanta rinne cleamhnas gairm a sholáthar do bhaill de chlann a bhfuil míchumas orthu. Tharla sé mar gheall ar bhrú clainne nó piarghrúpa chomh maith.[2]

Deiridh le Cleamhnas: Sa lá atá inniu ann cleachtaítear an cleamhnas go fóill i dtíortha ar nós India. Tháinig deireadh leis an gcleamhnas in Éirinn i lár an fichiú haois.[3].

Peig Sayers cuir in eagar

 
Peig Sayers, 1873 - 1958

Is dírbheathaisnéis é Peig Sayers . Rugadh Peig sa bhliain 1873 sa Daingean, i gContae Chiarraí. I ndiaidh cuairt a thabhairt ar chara léi, Cáit Jim, músclaíodh a grá don litríocht. Chuaigh sí ar scoil den chéad uair an tseachtain chéanna. Bhí uirthi stop a chur lena cuid oideachais ag aois 14, mar gheall ar easpa airgid sa bhaile. Bhí ar Pheig obair feirme a dhéanamh do Shéamas agus Nell Curran, tagraíonn sí don obair mar ‘sclábhaíocht’. Chuaigh Cáit Jim ar imirce go Meiriceá. Theastaigh ó Pheig dul go Meiriceá chomh maith ach ceal airgid níor éirigh léi riamh an pacáiste a íoc. Ba bheag rogha a bhí aici ach dul ar ais ag obair (rud ab fhuath léi) nó pósadh.[4]

Cleamhnas Pheig Sayers: Tagann deartháir Pheig, Seán, abhaile ón Daingean ag rá go bhfuil scéala cleamhnais aige di. Fear ón Oileán atá ann. Dúirt sé go dtiocfadh triúr fear go dtí an teach lá nó dhó ina dhiaidh sin leis an gcleamhnas a dhéanamh. Is beag rogha a bhí ag Peig ach glacadh leis. Léirítear nach bhfuil mórán muiníne aici inti féin, ‘Bhí gach aon duine acu rómhaith d’fhear domsa dá mbeinn seacht n-uaire níos fearr ná mar bhíos’. Bhí ar Pheig rogha a dhéanamh agus bhíodar pósta i gceann cúpla lá agus gan aithne acu ar a chéile.[5]

The Quiet Man cuir in eagar

 
The Quiet Man

Is scannán rómánsúil geandrámaíochta é The Quiet Man. Ba é John Ford a stiúraigh. An príomhcharachtar atá ann ná Sean Thornton (John Wayne) tugtar Seaneen mar leasainm air. An dara príomhcharachtar ná Mary Kate Danaher (Maureen O’ Hara) bíonn an plota i gcónaí ag tagairt ar ais don mheon te atá aici. An tríú príomhcharachtar ná Will Danaher (Victor McLaglen), deartháir Mary Kate atá ann, tugtar ‘Red’ mar leasainm air. An príomhcharachtar deireanach ná; Michaeleen Flynn (Barry Fitzgerald) a bhíonn i gcónaí ar meisce. Tá an scannán seo suite i nGaillimh sna 1920idí. Rugadh Seaneen in Éirinn ach is Meiriceánach é, tagann sé ar ais ó Mheiriceá chuig a bhaile dúchais, Inish Free, chun dearmad a dhéanamh ar a shaol mar dhornálaí (mharaigh sé céile comhraic sa chró dornálaíochta i rith comórtais). Ceannaíonn Seaneen teachín tuaithe a mhuintire agus tarraingíonn sé fearg a chomharsan, ‘Red’ Will Danaher, air féin dá bharr. Cabhraíonn Michaeleen leis an fhadhb sin a réiteach.[6]

 
John Wayne, 1907 - 1979

Cleamhnas The Quiet Man: Titeann Seaneen i ngrá le deirfiúr an Squire Danaher, Mary Kate. Gan amhras níl an Squire sásta agus ní thugann sé a chead don bheirt acu pósadh agus bíonn ar Sheán troid le haghaidh a chailín a bhuachan. Is bróicéir pósta é Michaeleen, imríonn sé cleas ar an Squire, deir sé go mbeidh sé (an Squire) pósta leis an mbaintreach shaibhir, mura raibh Mary Kate sa teach, mar sin is cóir dó a chead a thabhairt dóibh pósadh. Ar deireadh tugann sé cead ach fós i rith shearmanas an phósta tógann an Squire raic mhór nuair a léirítear dó gur chleas a bhí i gceist.[7]

Cosúlachtaí idir an dá scéal, Mná sa 20ú haois, An drochrud é cleamhnas? cuir in eagar

Bhí Peig ag obair ar fheirm agus ba léir nár thaitin an saol sin léi. Bhí deis aici tús nua a chur lena saol trí ghlacadh leis an gcleamhnas a d’eagraigh a dheartháir di. Bhí Mary Kate mar bhean an tí ag an Squire, b’fhuath léi an obair seo, bhí deis aici ar deireadh éalú le Seaneen Thornton a phósadh.

Tá na mná sa dá scéal saonta, níl tuairim nó cumhacht ar bith acu. Maidir le Peig bhí dá rogha aici, fear nach raibh aithne aici air a phósadh nó leanúint ar aghaidh leis an obair leadránach, ‘bhí mó rogha de dhá chrann ar mo bhois agam, is é sin pósadh nó dul in aimsir arís’.[8] I gcás Mary Kate ní raibh cead aici Seaneen a phósadh gan cead a dearthár, Squire, níor thuig Sean é seo toisc go léirítear dúinn go raibh an deis ag mná i Meiriceá pósadh gan cead a lorg ó athair nó deartháir leo, ba ‘thréimhse iomlán dhifriúil’ a bhí ann.

 
Cleamhnas - Mná nach bhfuil tuairim acu

An drochrud é cleamhnas? I gcás Pheig Sayers, slánú a bhí sa chleamhnas di, thit sí i ngrá lena fear céile, chuaigh sí chun cónaí leis sa Bhlascaod agus bhí deichniúr páiste ag an mbeirt acu le chéile. I gcás The Quiet Man, ní raibh Mary Kate Danaher sásta riamh, go dtí gur thit sí i ngrá le Seaneen Thornton.

Clú agus cáil cuir in eagar

The Quiet Man: Dar leis an Examiner (2013),Director John Ford brought a lovely cast together for this wonderful tale of love and hope. The scenery is beautiful and the story keeps you interested throughout the movie. This is one John Ford's best and I hope you enjoy it as much as I do.[9] Peig Sayers: rinne Seán Ó Súilleabháin, iarchartlannaí Choimisiún Béaloideasa Éireann cur síos uirthi mar One of the greatest woman storytellers of recent times.[10]

Tagairtí cuir in eagar