Cloch Oghaim Dhún gCoimín
Séadchomhartha ársa is ea Cloch Oghaim Dhún gCoimín, ar a ghlaoitear fosta Gallán Chluain Chaochmhaí, suite i gContae an Chabháin, Éire.
Cloch Oghaim Dhún gCoimín | ||||
---|---|---|---|---|
| ||||
Suíomh cuir in eagar
Tá an chloch suite i ngort gar do chros sa bhóthar R194, taobh ó dheas de Bhaile Shéamais Dhuibh, ag 53°48′32″N 7°10′47″W / 53.808897777778°N 7.179821666667°W
Stair cuir in eagar
De réir Sabine Ziegler, téann an chloch siar go dtí c.500 - 550 AD.
Cur síos cuir in eagar
Déanta as cloch gainimh is ea í, le tomhas 1.6m ar airde, 0.48m ar leithead agus 0.36m ar thrastomhas, ag éirí níos caoile beagnach go pointe ag a barr.
Tá inscríbhinn ar an taobh thiar thuaidh, ainm pearsanta a léitear:
- "OVOMANI".
Tá dochar déanta don taobh thiar. Faightear ceithre chros in scríofa inti, dhá chros ar an taobh theas, ceann amháin ar na taobhanna thiar agus thuaidh araon.
Féach freisin cuir in eagar
Leabhair cuir in eagar
- Joseph B. Meehan: Cavan ogham stones: II, The Dungimmin Ogham, 1920
- Damien McManus: A Guide to Ogam. An Sagart, Maigh Nuad 1991, ISBN 1-870684-17-6.
- Philip I. Powell: The Ogham Stones of Ireland: The Complete & Illustrated Index, 2011
- Sabine Ziegler: Die Sprache der altirischen Ogam-Inschriften. Vandenhoeck & Ruprecht, Göttingen 1994, ISBN 3-525-26225-6
Naisc sheachtracha cuir in eagar
- Dungummin Ogham Stone ar megalithicmonumentsofireland.com