Cluiche Ceannais Rugbaí an Domhain, 2023


Bhuaigh foireann na hAfraice Theas Corn Rugbaí an Domhain 2023, sa chluiche ceannais den 10ú Craobh Domhanda sa Rugair. Chloígh na Springboks foireann All Blacks na Nua Shéalainne 12-11 sa Chluiche Ceannais Rugair an Domhain ar 28 Deireadh Fómhair 2023 sa Stade de France. D'éirigh leis na Boks, seaimpíní na bliana 2019 Webb Ellis, a chrochadh leo arís.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCluiche Ceannais Rugbaí an Domhain, 2023
CineálRugby World Cup final (en) Aistrigh de Corn Rugbaí an Domhain 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCorn Rugbaí an Domhain 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana28 Deireadh Fómhair 2023 (21:00. Central European Summer Time (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhStade de France, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
SpórtRugbaí Aontais Cuir in eagar ar Wikidata
Tinreamh80,065 Cuir in eagar ar Wikidata
Buaiteoir
Corn William Webb Ellis

An cluiche cuir in eagar

Díbríodh Sam Cane tar éis 28 nóiméad imeartha sa chluiche, an chéad fhear riamh a fuair bata agus bóthar i gCluiche Ceannais Rugair an Domhain. D'fhág sin foireann na All Blacks taobh le 14 fear ar feadh an chuid eile den chluiche. Taispeáineadh an cárta dearg dó mar gur cinneadh go raibh an bealach a ndeachaigh sé i ngleic le Jesse Kriel óna Boks róchontúirteach. Mar sin, bhí ar fhoireann All Blacks na Nua Shéalainne déanamh d'uireasa a chuid seirbhísí ar feadh dhá thrian den chluiche, foireann na All Blacks taobh le 14 fear ar feadh an chuid eile den chluiche..[2]

Throid na All Blacks go cróga áfach. Déarfadh go leor go ndearnadh éagóir ar bhuachaillí Ian Foster (cóitseálaí na Blacks) mar gur baineadh úd díobh freisin ag tús na dara leithe.Cinneadh go ndeachaigh an liathróid chun cinn de dhroim láimhe tamall gairid sular éirigh le Aaron Smith an liathróid a thabhairt thar an líne cúil.[3]

Bhí cuma na maitheasa ar an Nua Shéalainn nuair a fuair siad an t-aon úd den chluiche, 14 nóiméad isteach sa dara leath, Beaudon Barrett á chaitheamh féin thar an líne sa choirnéal agus an liathróid ubhchruthach faoina ascaill aige, an chéad úd riamh a scóráileadh in aghaidh na hAfraice Theas i gcluiche ceannais de Chraobh an Domhain.[4] Ach theip ar Richie Mo'unga an t-úd a shlánú agus d'fhan an bhearna d'aon chúilín amháin idir na fóirne as sin go deiridh.

Choinnigh na Boks a misneach agus choinnigh siad amach an Nua Shéalainn sna 20 nóiméad deiridh. Cailleadh seans eile nuair nár éirigh le Jordie Barrett cic pionóis a scóráil don Nua Shéalainn. Bíodh is go raibh siad fear gann, b'iad an Nua Shéalainn ba láidre a chríochnaigh ach ní raibh siad in ann cosaint dhamanta na Boks a shárú. Bhí na Blacks fós i bhfoisceacht pointe amháin don Afraic Theas nuair a séideadh an fheadóg den uair dheiridh. Fear amháin a scóráil pointí iomlána na hAfraic Theas sa chluiche seo, iad ar fad ag teacht sa chéad leath as ciceanna píonóis ó bhróig Handre Pollard.

Farasbarr aon phointe amháin 12-11 a bhí ag an Afraic Theas ar deiridh, an bhearna chéanna a bhí idir iad féin agus a gcéilí comhraic sa chluiche leathcheannais agus ceathrú ceannais.

Seaimpín na seaimpíní cuir in eagar

D'éirigh an Afraic Theas seaimpíní rugbaí an domhain don 4ú huair riamh, an 4ú uair i stair an chomórtais a chroch captaein dá gcuid Corn an Webb Ellis. [4] Bhuaigh siad sa Fhrainc sa bhliain 2007 in aghaidh Shasana. Is iad 1995 ina dtír dhúchais féin agus 2019 sa tSeapáin na blianta eile atá i gceist.

D'éirigh an Afraic Theas chun cinn ar an ord fiúntais maidir leis an líon is mó riamh de choirn dhomhanda.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "South Africa edge out New Zealand in epic final" (en-GB). BBC Sport. Dáta rochtana: 2023-10-29.
  2. Nuacht RTÉ (2023-10-29). "Sam Cane, an 1ú fear le bóthar a fháil i gcluiche craoibhe RWC" (as ga-IE). 
  3. eurosport.com (28 DF 2023). "Springboks claim record fourth World Cup with narrow win over 14-man All Blacks". www.eurosport.com. Dáta rochtana: 2023-10-29.
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-10-28). "Is leis na Springboks an lá....agus an oíche i bPáras" (as ga-IE).