Cineál loinge is ea an coga. Nocht a leithéidí sa 10ú haois agus baineadh feidhm astu go forleathan in Iarthar Eorpa ó thimpeall an 12ú haois amach. Longa clinse ba ea iad agus dhéantaí d’adhmad darach de ghnáth iad ó bhí an t-adhmad sin le fáil go coitianta i réigiún Báltach na Prúise. Bhí crann amháin iontu agus é feistithe le coirneog. Mar longa trádála is mó a baineadh úsáid astu, go háirithe i ngeall ar an gConradh Hainseatach agus i réigiún na Baltaice. Bhí siad idir cúig mhéadar agus ocht méadar ar leithead agus idir cúig mhéadar déag agus cúig mhéadar is fiche ar fad. D’fhéad na cogaí ba toirtiúla suas le 200 tonna a iompar.[1]

Bosca Sonraí SoitheachCoga
Saintréithe teicniúla
Cineálsailing ship (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
An coga Roland von Bremen agus í atógtha.

Cineál de long chruinn ba ea an coga.[2] Bhí tóin phlainc aici i lár na loinge agus strácaí clinse láimh leis na poist. Bhí plancra clinse ar na taobhanna, ag tosú de ghnáth ó na strácaí ruma aníos, agus iad ceangailte le tairní déleacaithe. Bhí an chíle beagán níos tibhe ná na strácaí íochtair agus í gan rabóid. Bhí an post tosaigh agus an post deiridh díreach agus measartha fada agus iad ceangailte den chíle le huchtáin. Ceanglaíodh cinn na strácaí íochtair de na huchtáin agus de na poist le rabóidí, ach ceanglaíodh na strácaí uachtair den taobh amuigh de na poist. Caonach agus tarra tríd ba ea an chácáil de ghnáth agus í pulctha in eangaí cuara a bhí clúdaithe le lataí. Dhaingnófaí iad siúd le stáplaí a dtugtaí sintels orthu. Crochadh stiúir ag deireadh na loinge, rud nach raibh le fáil san Eoraip ach amháin sa tuaisceart.[3] Bhí chabhail oscailte ag an gcoga agus b’fhéidir í a iomramh ar feadh achar gearr, ach cuireadh deiceanna inti sa 13ú haois.

Stair cuir in eagar

Rinneadh an chéad tagairt do chogaí in AD 948 in Muiden i ngar d’Amstardam. Bhí cosúlacht éigin idir iad agus an knarr Lochlannach, an long thrádála ba mhó ar baineadh feidhm aisti i dtuaisceart na hEorpa ag an am agus a raibh rámh stiúrtha aici, is dócha, mar nach bhfuil fianaise i dtaobh stiúir dheiridh i dtuaisceart na hEorpa go dtí timpeall 1240.[4]

 
Coga ar Shéala Stralsund

De réir na fianaise seandálaíche atá ar fáil, is dócha gur eascair an coga ó chósta na Freaslainne nó ó iarthar Jutland. Cruthaíodh an coga mar long mhara nuair a bhí iomad trádála ar siúl idir an tIarthar agus an tOirthear agus de thoradh dhruideadh bhéal thiar an Limfjord i dtuaisceart Jutland. Bhíodh longa ag gabháil réasúnta sábháilte idir an Mhuir Thuaidh agus an Mhuir Bhaltach tríd an Ljimford. Ach bhíodh an bealach ag líonadh le gaineamh de thoradh luí aisteach an chósta agus sruthanna tréana, agus druideadh go hiomlán é faoin 12ú haois. Murabh fhéidir long a tharraingt trasna na n-oitreacha gainimh bheadh uirthi leithinis Jutland agus Rinn Skagen (áit chontúirteach) a scoitheadh chun an Bhailtic a bhaint amach.

Dá bhrí sin rinneadh athruithe móra ar dhéanamh na long, rud atá le haithint ar éabhlóid na long ba luaithe a fuarthas, Kollerup, Skagen, and Kolding. Ba í an coga gnáthlong thrádála an Chonartha Hainseataigh, soitheach urrúnta ar cuireadh caiseal tosaigh agus caiseal deiridh léi mar chosaint ar fhoghlaithe mara nó chun long chogaidh a dhéanamh di. Choinnigh an caiseal deiridh an criú agus an stiúir in airde agus breis slí do lasta thíos dá bharr.

Timpeall an 14ú haois fuarthas amach nach raibh an coga fónta a thuilleadh mar long lasta. Bhí gá lena malairt. Bhí an holca ann cheana, ach níor tháinig sí in áit an choga ar an bpointe boise. Deir húdair éigin go raibh an dá chineál á n-úsáid i dteannta a chéile le blianta fada, agus is léir gur malartaíodh modhanna tógála.[5]

Seandálaíocht cuir in eagar

 
Coga Bremen sa Deutsches Schiffahrtsmuseum

In 1962 a thángthas ar choga Bremen, long a tógadh sna 1380idí. Go dtí sin ní raibh eolas le fáil ar an gcoga ach ó cháipéisí agus ó shéalaí.

Fuarthas iarsma coga Hainseataigh in 1990 i ndríodar inbhear an Pärnu san Eastóin.[6] Síltear go ndearnadh í timpeall 1300.[6]

In 2012 fuarthas coga a bhí slán ón gcíle aníos go dtí na deiceanna i dteannta dhá shoitheach níos lú i siolta an Ijssel in Kampen na hÍsiltíre.[7] Tógadh an long sa chéad chuid den 15ú haois agus síltear gur cuireadh go tóin d’aonghnó í chun sruth na habhann a athrú. Ní raibh súil le mórán ach i rith tochailte i Mí Feabhra 2016 fuarthas oigheann cruinneachánach brící agus sclátaí fíoráille sa chócús agus roinnt iarsmaí eile timpeall na loinge.[8][9]

Acmhainn farraige cuir in eagar

Chun staidéar a dhéanamh ar sheoladh an choga baineadh úsáid as ceann den dá mhacasamhail de choga Bremen. Tá macasamhail Kiel an-chosúil le coga Bremen.[10]

Bhí foireann ceithre dhuine dhéag ag an macasamhail. Ní bhfuair na seandálaithe an stiúir, an crann ná an tslat, agus rinneadh tomhas de réir íomhánna ar shéalaí agus ar áirimh nua.[10]

Nuair a bhí an coga ag bualadh chun na gaoithe mhoilligh sí go mór agus ba mheasa an scéal de réir mar a ghéaraigh an ghaoth agus a ciorraíodh an seol. Is mór a thiteadh sí faoin ngaoth agus ba é cliathán leathan na loinge ba mhó ba chúis leis seo. Bhí an coga go han-mhaith, áfach, chun seoladh fairsing, fiú agus í lom ar an ngaoth. Ach ba dheacra é sin a dhéanamh sa Mhuir Thuaidh agus sa Mhuir Bhaltach ná mar a bheadh ar an aigéan mór, agus b’éigean don chaptaen fanacht le cóir. Bhí an coga ar fheabhas ag seoladh roimh an ngaoth.[10]

Ba bhaol don chriú farraige gharbh agus iad ag cur cúrsa sa seol toisc an tslat a bheith fada agus trom. Ní raibh scupair ann agus má tháinig uisce thar bord isteach rachadh sé síos go ruma. B’éigean é a thaoscadh luath nó mall, ach bhí de bhuntáiste ag an scéal go ndéanfadh an t-uisce an long níos socra. Bhí dianghá ag an gcriú le béalbhach ard, áfach, agus iallach orthu fanacht ar an deic gan díon de lá is d’oíche.[10]

Toisc go raibh cabhail chomhdhlúth aici agus gan chíle cheart a bheith fúithi, bhaineadh na tonnta sracadh maith as an gcoga, rud a d’fhéadfadh an criú a fhágáil traochta. Ach bhí acmhainn mhaith farraige aici.[10]

Gailearaí cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Nótaí cuir in eagar

  1. "Hamburg Museum - Medieval Hamburg (4) - The Cog - A Cargo-carrying Vessel of the Middle dixious Ages".[nasc briste go buan]
  2. "Round ship" (en).
  3. Crumlin-Pedersen, Ole (October 2000). "To be or not to be a cog: the Bremen Cog in perspective". International Journal of Nautical Archaeology 29 (2): 230–246. doi:10.1111/j.1095-9270.2000.tb01454.x. 
  4. "The Cog".
  5. "Cogs, Caravels and Galleons: The Sailing Ship, 1000-1650" (August 1994). London: Conway Maritime Press. 
  6. 6.0 6.1 Õun, Mati and Hanno Ojalo. 2015. 101 Eesti laeva. Tallinn, Kirjastus Varrak, lch 12.
  7. "Excavation, recovery and conservation of a 15th century Cog from the river IJssel near Kampen". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 Iúil 2017. Dáta rochtana: 31 Márta 2020.
  8. "Medieval Shipwreck Hauled from the Deep".
  9. "Late Medieval Cog from Kampen".
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 10.4 Airíonna seoltóireachta choga Hanse le hais longa seoil lasta eile: https://web.archive.org/web/20091101181138/http://www.fsopt.com/Kogge/kogge.shtml

Le léamh cuir in eagar

  • Bass, George F. 1972. A History of Seafaring: Based on Underwater Archaeology. Thames and Hudson Ltd, ISBN 0-500-01077-3

Naisc sheachtracha cuir in eagar