Is éard is coimhthílín ann ná cáithnín hipitéiseach comhdhéanta de staid cheangailte de uaschuairc, íoschuairc agus bhríochtchuairc. Cur síos comhionann is ea gur blúire beag de dhamhnaí coimhthíocha é coimhthílín, beag go leor le go measfaí gur cáithnín é. Go teoiriciúil, d’fhéadfadh méid réad atá comhdhéanta de dhamhnaí coimhthíocha a bheith éagsúil, ó chúpla femtiméadar trasna (le mais núicléis éadroim) go méid threallach níos mó. Chomh luath agus a éiríonn an mhéid macrascópach (de réir ord na méadar trasna), tugtar réalta coimhthíoch ar réad den sórt sin de ghnáth. Eascraíonn an téarma Béarla "strangelet" ó Edward Farhi agus Robert Jaffe i 1984. Féadann Coimhthílíní damhnai a thiontú ina ndabhnaí coimhthíocha nuair a theagmhaíonn siad le chéile.[1]Tá coimhthílíní molta mar iarrthóirí le bheith glactha mar dhamhna dorcha. [2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Farhi (1984). "Strange matter". Physical Review D 30 (11): 2379–2390. doi:10.1103/PhysRevD.30.2379. Bibcode1984PhRvD..30.2379F. 
  2. Witten (1984). "Cosmic separation of phases". Physical Review D 30 (2): 272–285. doi:10.1103/PhysRevD.30.272. Bibcode1984PhRvD..30..272W. 

Féidearthacht theoiriciúil cuir in eagar