Coiste Pléimeannach na Fraince
Is eagras neamhbhrabúis agus cumann léinn Francach é Coiste Pléimeannach na Fraince (Fraincis: Comité flamand de France). Tá sé de chuspóir ag an gCoiste staidéar a dhéanamh ar oidhreacht chultúrtha Phléimeannach i bhFlóndras na Fraince, agus an cultúr a chaomhnú agus a scaipeadh, go háirithe sna réimsí teanga, litríochta, agus staire. B'é Edmond de Coussemaker a bhunaigh an Coiste i nDunkerque ar an 10 Aibreán 1853.[1] Tá sé fós gníomhach inniu agus tá sé ar cheann de na cumainn léinn is sine sa Fhrainc mar sin.
Mana | Moedertael en Vaderland |
---|---|
Sonraí | |
Ainm gearr | CFF |
Cineál | cumann léinn foilsitheoir |
Réimse oibre | stair Fhlóndras, litríocht Fhlóndras, Westhoek, an Phléimeannais agus Flóndras na Fraince |
Foirm dlí | cumann de réir dhlí na Fraince 1901 |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 10 Aibreán 1853, Dunkerque |
Bunaitheoir(í) | Edmond de Coussemaker, Louis de Backer (en) , Raymond de Bertrand (en) , Auguste Ricour (en) , Hippolyte Bernaert (en) agus Pierre Meneboo (en) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Iar-ainm | |
Suíomh gréasáin | http://www.comiteflamanddefrance.fr/ |
Tá leabharlann speisialta ag an nCoiste i Hazebrouck, áit a bhfuil a gcuid foilseachán féin agus leabhair eile réigiúnacha á stóráil agus á mbailiú. Chomh maith leis sin, tá sé freagrach as bainistiú na mbailiúchán i Músaem Jeanne Devos i Wormhout.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Raymond de Bertrand (1859). "Mémoires de la Société dunkerquoise pour l'encouragement des sciences, des lettres et des arts" (in fr) 6: 310–316. Dunkerque: Typographie Benjamin Kien.