Colby, Oileán Mhanann

sráidbhaile in Oileán Mhanann

Sráidbhaile i ndeisceart Oileán Mhanann is ea Colby. Tá sé suite in Skeerey Chairbre, ar an mbóthar A7 idir Balley Chashtal agus Purt Çhiarn i ngar don sráidbhaile Balley Beg.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilColby, Oileán Mhanann

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°05′53″N 4°42′11″W / 54.098°N 4.703°W / 54.098; -4.703
Spleáchas na CorónachOileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata

Stair agus áiseanna cuir in eagar

Tagann an focal Colby ó na focail Lochlannacha Col ("cnoc") agus Byr ("baile" nó "gabháltas").

Tá stáisiún traenach de chuid Iarnród Mhanann sa sráidbhaile.

Imríonn an club sacair Colby F. C. a chuid cluichí ag Raad y Ghlion (Bóthar an Ghleanna).

Gleann Cholby cuir in eagar

Is gleann beag é Gleann Cholby atá suite taobh thuaidh den bhaile, ceann de na 17 Gleann Náisiúnta ar an oileán. Cuimsíonn sé 4.9 acra, agus tá crainn fuinseoige, feá, leamháin, agus seiceamair ann. Ritheann Abhainn Cholby tríd an ngleann freisin.