Déagóir 19 mbliain d'aois as an Domhnach Mór i gContae Thír Eoghain ba ea Columba McVeigh (1956 – 1 Samhain 1975).[1] D’fhuadaigh an tIRA an stócach i 1975, maraíodh é agus cuireadh é i ngan fhios dá mhuintir agus don saol.[2]

Infotaula de personaColumba McVeigh
Beathaisnéis
Breith1956
Domhnach Mór, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Ar iarraidh1 Samhain 1975 Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1975
18/19 bliana d'aois
Siocair bháisDúnmharú

Duine den cheathrar de na Disappeared[3] nár frítheadh fós is ea McVeigh.[4]

Imeachtaí cuir in eagar

Bhí McVeigh ag obair i mBaile Átha Cliath nuair a d’imigh sé ar iarraidh sa bhliain 1975. Meastar go ndúirt sé nó go bhfaca sé rud éigin nár thaitin le lucht foréigin.[5] Maíodh gur maraíodh daoine toisc go raibh eolas á sceitheadh acu faoin IRA.

Na blianta níos déanaí,d’admhaigh an IRA gurbh iadsan a mharaigh trí dhuine dhéag, McVeigh ina measc.[6]

Cuardach cuir in eagar

Thosaigh foireann saineolaithe ón gCoimisiún Neamhspléach um Aimsiú Taisí Íospartach ag cuardú portach i gContae Mhuineacháin sna 2000idí in iarracht a theacht ar chorp an déagóra Columba McVeigh. Bhí siad ag obair i bPortach an Bhragáin atá gar do Scairbh na gCaorach i Muineachán ar feadh 20 bliain.

Scrúdaíodh thart ar 25 acra in iomlán sna hiarrachtaí thar na blianta.[7] Is léir nach san áit a ndúradh leo a chuardach a bhí na taisí.[8]

Buille trom don teaghlach nár tháinig foireann an Choimisiúin um Aimsiú Taisí Íospartach ar a chorp sa chuardach.[5] Dúirt príomh-imscrúdaitheoir an Choimisiúin Jon Hill gur chreid sé go bhfuil an t-eolas a fuair siad barántúil agus gur áit éigin i bPortach Bhragáin atá corp Columba McVeigh fós.[8]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. The Department of Justice and Equality. "Columba McVeigh" (en). The Department of Justice and Equality:. Dáta rochtana: 2023-04-05.
  2. Póilín Ní Chiaráin (5 Aibreán 2023). "Cuimhnigh ar líon na ndaoine atá beo inniu nach mbeadh d’uireasa an Chomhaoantaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-05.
  3. "Disappeared (Northern Ireland)" (as en) (2023-02-22). Wikipedia. 
  4. Póilín Ní Chiaráin (29 Márta 2023). "Tá sé thar am rún uafásach na bportach agus na ndumpaí a scaoileadh – ní binn béal ina thost i gcónaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-05.
  5. 5.0 5.1 Póilín Ní Chiaráin (24 Meán Fómhair 2019). "Muintir Columba McVeigh fós gan faoiseamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-05.
  6. Póilín Ní Chiaráin (20 Meán Fómhair 2018). "Na ‘Disappeared’ agus crá croí gan staonadh a muintire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-05.
  7. Nuacht RTÉ (2022-10-03). "Corp Cholumba McVeigh á chuartú arís i portach i Muineachán" (as ga-IE). 
  8. 8.0 8.1 Nuacht RTÉ (2023-11-16). "Deireadh curtha leis an gcuardach ar chorp Columba McVeigh" (as ga-IE).