Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Bunaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an 26 Deiredh Fómhair 1943 chun feidhmiú mar coiste comhordnaithe ar eagraíochtaí na Gaeilge.
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | CNnaG |
Cineál | eagraíocht |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1943 |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 14 Iúil 2014 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú |
|
Líon fostaithe | 6 (2014) |
Suíomh gréasáin | gaelport.com |
Dhún an rialtas Fine Gael / Páirtí an Lucht Oibre CnG sa bhliain 2014, ag an am céanna ná an seirbhís nuachta Gaelport.[1]
Dúnadh cuir in eagar
I mí Dheireadh Fómhair 2012, thug an An Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) treoir d’Fhoras na Gaeilge dul i mbun chomhphlé leis an earnáil dheonach sa Phoblacht maidir le struchtúr úr maoinithe do na heagrais bunmhaoinithe. Le linn an chruinnithe nótáil na hAirí an dul chun cinn a bhí déanta go dtí seo ag Foras na Gaeilge i dtaca le forbairtí ar shamhail nua iomaíoch mhaoinithe.[2] Bhí comhairliúchán poiblí ar bun ag Foras na Gaeilge ag an am maidir leis an "tSamhail Nua Mhaoinithe" a bhí molta acu do na 19 eagrais Ghaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge.[3]
Iarradh ar an bhForas in 2013 cás gnó mionsonraithe a ullmhú chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna a bhí beartaithe mar chuid den struchtúr maoinithe úr agus plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, a thabharfaidh aird ar chur i gcrích an phróisis. Faoin "tSamhail Nua Mhaoinithe", bhí sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "Ní hé Acht na Gaeilge an chloch is mó ar a bpaidrín in aimsir seo na gciorruithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-08-29). Dáta rochtana: 2023-10-24.
- ↑ "Athbhreithniú ar mhaoiniú na nEagras" : d’fhreastail Carál Ní Chuilín, MLA, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, Aire Stáit ar a bhfuil freagracht ar leith as Gnóthaí Gaeltachta agus Jonathan Bell, MLA, Aire Sóisearach, ar an gcruinniú.
- ↑ Is féidir an Communiqué iomlán ó chruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas a léamh thíos: Final Joint Communiqué (Irish) - LAN 1 (12) - 14 February 2012. http://www.niassembly.gov.uk/globalassets/documents/raise/deposited-papers/2012/dp962a.pdf