Comhrialacha camanachd-iománaíocht

spórt hibrideach

Seo iad Comhrialacha camanachd-iománaíocht, spórt hibrideach ar meascán de chamanachd na hAlban agus iománaíocht na hÉireann é. Tá gaol ag an dá spórt lena chéile agus cumadh comhleagan díobh le go bhféadfadh foirne ón dá spórt imirt in aghaidh a chéile.

Infotaula d'esportComhrialacha camanachd-iománaíocht
Cineálcluiche liathróide, Na Cluichí Gaelacha agus spórt foirne
Tír dhúchaisAlbain agus Éire
Líon íosta imreoirí14
Líon uasta imreoirí15

Na Rialacha cuir in eagar

Seo thíos na rialacha a bhí in úsáid i gcluiche idirnáisiúnta sa bhliain 2014 a craoladh ar TG4. Seo cuid de na rialacha is suntasaí a bhí ann ag an am. Uaireanta bíonn leaganacha éagsúla i gceist.

PÁIRC: Mar a chéile le páirc CLG 160 x 100, na cúil chéanna.

LIATHRÓID: Uimhir 4 níos lú ná liathróid sinsir iomána.

FAD CLUICHE: 40 nóiméad an taobh. (15 nóiméad uaireanta eile)

DHÁ CHAMÁN DHIFRIÚLA: Camán déanta as fuinseog agus camán déanta as hicearaí.

IMREOIRÍ: 14 imreoir ar an bpáirc agus cúigear ionadaithe, duine acu mar chúl báire. Níl aon srian leis an méid ionadaithe ach gur gá a theacht chun páirce i rith briseadh san imirt agus le cead ón maor líne agus an réiteoir.

ATOSÚ: Má aimsítear cúl caithfear an liathróid isteach idir beirt i lár na páirce ach má aimsítear pointe tosnóidh an cluiche arís le poc amach ón gcúl báire.

SCÓRÁIL: Cúl – Is ionann é agus trí phointe - Brat Glas Pointe ón talamh (poc saor nó poc sleasa) – Is ionann é agus 2 phointe – brat dearg Pointe ón gnáth imirt – pointe amháin – brat bán

POC ÉIRICE: Triúr ar an líne ach an “Nash Rule” tugtha isteach.

As alt na himeartha: Níl cead isteach sa gcearnóg bheag.

LIATHRÓID SA LÁMH: Níl cead ag imreoirí an sliotar a bheith ina lámh seachas an cúl báire ag tógáil an poc amach nó i rith poc éirice. (Sa bhliain 2023 bhí cúl báire na hÉireann ag úsáid cón agus ag bualadh an tsliotair ón talamh)

CIC: Ní féidir cic a bhualadh ar an sliotar ach is féidir é stopadh le do chosa.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar