Cathair i lár stát New Hampshire sna Stáit Aontaithe é Concord. Tá an chathair suite ar bhruach na hAbhann Merrimack. Bhí 42,695 duine ina gcónaí in Concord nuair a rinneadh an daonráireamh deireanach sa bhliain 2010. Príomhchathair New Hampshire agus Chontae Merrimack atá ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilConcord, New Hampshire
Concord (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 43°12′24″N 71°32′17″W / 43.2067°N 71.5381°W / 43.2067; -71.5381
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheNew Hampshire
County of New Hampshire (en) AistrighContae Merrimack Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán43,976 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús252.7 hab./km²
Líon na dteaghlach17,761 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighConcord micropolitan NECTA (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla174.022217 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce4.7914 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde88 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1733
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisJim Bouley (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód603 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinconcordnh.gov Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Daoine den phobal bundúchasach Pennacook de chuid na nAbenaki a chónaigh sa cheantar sular tháinig na hEorpaigh. Rinne siad iascaireacht sa Merrimack agus curaíocht. Ba bhealach tábhachtach taistil í an abhainn agus na hIndiaigh ag dul ó Loch Winnepesaukee sa tuaisceart ó dheas go dtí an cósta Atlantach agus aneas arís.

Chuir coilínigh as Haverhill, Massachusetts fúthu san áit idir 1725 agus 1727 faoin ainm Plandáil Phenacook (a scríobhadh le n amháin). Cuid de Chúige Bhá Massachusetts ab ea New Hampshire san am úd. Cuireadh bardas ar bun sa bhliain 1734 faoin ainm Rumford. Athbhaisteadh an baile mar Concord sa bhliain 1765 mar gheall ar an gcomhaontú (“concord”) idir Rumson agus an baile Bow a shocraigh an teorainn idir an dá bhaile. Cuireadh rialtas an stáit isteach i gConcord sa bhliain 1808.

Geilleagar cuir in eagar

Sa naoú haois déag bhí clú ar Choncord as an déantús troscáin agus as na cairéil éibhir a bhí ann. Dhéanadh Concord Coaches cóistí sa chathair freisin. Dhéantaí teicstílí sa chuid de Choncord ar a dtugtar Penacook. Ionad réigiúnda iarnród a bhíodh in Concord faoin am sin. Inniu, tá seirbhísí sláinte, árachas, clódóireacht (Concord Litho) agus an rialtas tábhachtach sa gheilleagar áitiúil.

Déimeagrafaic cuir in eagar

Is den chine geal iad 91.8% den daonra, 3.4% de chúlra Áiseach, 2.2% den chine ghorm, agus 1.8% de chine measctha. De réir an daonáirimh sa bhliain 2000, $42,447 an teacht isteach teaghlaigh bliantúil meánach agus $21,976 an teacht isteach per capita sa chathair.

Polaitíocht agus cultúr cuir in eagar

Tá comhairle baile le 14 ball agus méara a thoghtar gach dara bliain. Is é Jim Bouley (Daonlathach) an méara faoi láthair. Is é The Concord Monitor an t-aon nuachtán laethúil in Concord. I dteannta na scoileanna poiblí agus seicteacha is gnách, tá St. Paul’s, ardscoil phríobháideach cháiliúil na huasaicme, agus Scoil Dlí Ollscoil New Hampshire.

 
Lár na cathrach

Naisc sheachtracha cuir in eagar