Sa bhéaloideas, is éard is conriocht (con (cú/madra) +riocht) ann ná duine a bhfuil an cumas aige nó aici aistriú ina mac tíre (nó i scannáin nua-aimseartha go háirithe, créatúr hibrideach cosúil le mac tíre). Tarlaíonn an claochlú nuair is mian leis an duine é nó tar éis do dhuine eile mallacht a chur air nó uirthi. Go minic bíonn an cumas ag duine tar éis do chonriocht eile greim nó corruair scríob a bhaint as an duine. Is minic gur ar oíche lánghealaí a athraíonn riocht an duine (ach is coincheap é seo a tháinig i gceist níos déanaí). Is iad Petronius (27–66) agus Gervase Tilbury (1150–1228) na foinsí luatha a luann go gcreidtear scéalta dá leithéid.