Coup d'état Mhaenmar, 2021
Ar 1 Feabhra 2021, ghlac an t-arm i Maenmar seilbh ar riaradh na tíre.
Cineál | coup d'état | ||
---|---|---|---|
Dáta na bliana | 1 Feabhra 2021 | ||
Tír | Maenmar | ||
Rannpháirtí | |||
Ghabh Min Aung Hlaing, ardcheannasaí an airm (an 'Tatmadaw') an chumhacht le lámh láidir. Chur an t-arm ceannaire na tíre, Aung San Suu Kyi, a toghadh go daonlathach, as oifig maidin an 1 Feabhra agus cuireadh í faoi ghlas. Bhí staid éigeandála fógraithe sa tír 'go ceann tamaill' ach níor thug an ceannasaí airm aon leide maidir le cén uair a thiocfadh deireadh leis, agus go reachtáilfí toghchán nua.[1]
Chuaigh na céadta míle daoine amach ar na sráideanna lá i ndiaidh lae ag léirsiú, in ainneoin bhrúidiúlacht na deachtóireachta athbhunaithe. Le linn na bliana 2021, gar do 1,300 duine a mheastar a mharaigh arm Mhaenmar le linn léirsithe.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2021-02-01). "Coup míleata i Maenmar cáinte ag an Rialtas anseo" (as en).
- ↑ Alex Hijmans (27 Nollaig 2021). "Aibítir na Gréigise á múineadh ag an gcoróinvíreas dúinn agus an domhan ag dó leis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-10.