Crómáit treas-búitile
comhdhúil cheimiceach
Alcocsaíd leis an bhfoirmle [(CH3)3CO]2CrO2, is ea crómáit treas-búitile (nó crómáit dé-treas-búitile). Ullmhaítear í trí t-bútánól a chóireáil le hainhidríd chrómach. Cruthaíonn sí criostail dhearga ag teochtaí faoi bhun –5° C, agus leánn sí chun ola dhearg a thabhairt.[1] Tá spéis bhunúsach sa gcoimpléasc, atá diamaighnéadach, mar mhúnla do na hidirmheánaigh in ocsaídiúcháin alcóil ag cróimiam(VI). Tá an coimpléasc seo seasmhach toisc gur t-ghrúpa búitile é, agus dá bharr sin níl béite-hidriginí aige. Tá geoiméadracht theitrihéidreach ag an coimpléasc seo agus a analógacha, mar a léirigh criostalagrafaíocht x-ghathach.[2][3]
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 230.061016556 Da |
Ról | carcanaigin cheirde |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | C₈H₁₈CrO₄ |
SMILES canónta | Model 2D CC(C)(C)[O-].CC(C)(C)[O-].[Cr+2].[O].[O] |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Pointe leáite | 0 °C −5 °C |
Guais | |
Meánteorainn nochta ualaithe ama | 0.001 mg/m³ (10 h, luach ar iarraidh) |
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte | 15 mg/m³ |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Richer (1975). "Esters Chromiques Dérivés d'Alcools Tertiaires". Canadian Journal of Chemistry 53 (20): 3087–3093. doi: .
- ↑ Amirthalingam (1972). "The crystal structure and absolute configuration of cedryl chromate". Acta Crystallographica Section B Structural Crystallography and Crystal Chemistry 28 (5): 1340–1345. doi: .
- ↑ Stavropoulos (1990). "Chromyl complexes with aryloxy and siloxy ligands". Inorganic Chemistry 29 (10): 1807–1811. doi: .