Sa teangeolaíocht, is corpas de théacs parsáilte é crannbhanc (Béarla: treebank) a anótálann struchtúr abairtí comhréireacha nó séimeantacha. D'athraigh tógáil corpas parsáilte, go luath sna 1990idí, an teangeolaíocht ríomhaireachtúil as éadan, ag baint leasa as sonraí eimpíreacha ar scála mór.[1]

Anótálann an chuid is mó de na crannbhainc leaganacha de struchtúr frásaí (ar chlé) nó struchtúr spleáchais (ar dheis).

Sanasaíocht cuir in eagar

Chum an teangeolaí Geoffrey Leech an téarma Béarla treebank sna 1980idí, trí analaí le taisclanna eile cosúil le seedbankbloodbank. Tá sé seo amhlaidh toisc go léirítear struchtúr comhréireach agus séimeantach go cumadóireachta mar struchtúr crainn. Is minic a úsáidtear an téarma corpas parsáilte go hidirmhalartaithe leis an téarma treebank, agus an bhéim ar thosaíocht abairtí seachas crainn.


Tagairtí cuir in eagar

  1. Alexander Clark, Chris Fox and Shalom Lappin (2010). The handbook of computational linguistics and natural language processing. Wiley.