An Chrosáid Bhoisniach

(Athsheolta ó Crosáid Boisniach)

Troideadh An Chrosáid Boisniach i gcoinne eiricí áirithe neamhshonraithe ón mbliain 1235 go dtí 1241. Go bunúsach, is é a bhí ann cogadh concais Ungárach i gcoinne Banate na Boisnia a ceadaíodh mar chrosáid. Faoi stiúir an phrionsa Ungárach Coloman, níor éirigh leis na crosáideoirí ach codanna imeallacha den tír a cheansú. Lean Doiminicigh a lorg, agus thóg siad ardeaglais agus dhóigh siad eiricí beo beathach. Tháinig deireadh tobann leis an gcrosáid nuair a rinne na Mongólaigh ionradh ar an Ungáir féin, le linn ionradh na Mongóile ar an Eoraip. B’éigean do na crosáideoirí tarraingt siar agus dul i ngleic leis na hionróirí ina dtír féin, agus cailleadh a bhformhór, Coloman ina measc. D'iarr pápaí ina dhiaidh sin níos mó crosáidí i gcoinne na Boisnia, ach níor tharla ceann ar bith. Mar thoradh ar an gcrosáid ar theip uirthi bhí fuath ag daonra Bhoisnia ar Ungáraigh, fuath a mhair ar feadh na gcéadta bliain.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Chrosáid Bhoisniach
Cineálfeachtas míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCrosáidí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1235 - 1241
Dáta na bliana1235 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Bhoisnia Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar