Tagraíonn an dátheangachas oifigiúil don bheartas atá glactha ag roinnt stát aithint a thabhairt do dhá theanga mar theangacha oifigiúla lena n-áirítear ag láimhseáil agus nó ag déileáil le gach doiciméad oifigiúil, gach comhfhreagras, gach gnó oifigiúil, agus nós imeachta na Cúirte san áireamh, sna teangacha sin. Tá sé an-éagsúil ón dátheangachas pearsanta, sé sin, cumas an duine chun dhá theanga a labhairt.

Tíortha le beartais an dátheangachais oifigiúil cuir in eagar

Ceanada cuir in eagar

Tá stádas dlíthiúil ar leith i gCeanada ag an Bhéarla agus an Fhraincis níos mó ná atá ag teangacha eile i gCeanada, sna cúirteanna, sna parlaimint agus sna riaracháin. Ag leibhéal na gcúigí, is é New Brunswick (Fraincis: Nouveau-Brunswick)an cúige dátheangach oifigiúil amháin agus is é Québec an cúige aonteangach oifigiúil amháin (le Fraincis). I gcleachtas, tairgeann gach cúige, lena n-áirítear Québec, roinnt seirbhísí dátheangacha agus roinnt oideachais sa dá theanga oifigiúla suas go dtí leibhéal na hardscoile. Tá an Béarla agus an Fhraincis ina dteangacha oifigiúla sna trí chríocha (toisc go bhfuil siad á riaradh ag an rialtas feidearálach). Ina theannta sin, tá an Ionúitis freisin ina theanga oifigiúil i Nunavut, agus tá stádas oifigiúil san Chríoch Iarthuaiscirt ag naoi dteanga dúchasach.

An Fhionlainn cuir in eagar

Tíortha eile cuir in eagar

Dátheangachais oifigiúil cuir in eagar

  • An Afganastáin
  • An Bhealarúis
  • An Bheilg
  • An Chasacstáin
  • Pórtó Ríce
  • Éire
  • An Bhreatain Bheag
  • Camarún (Béarla agus Fraincis)
  • An Nua-Shéalainn
  • Hong Cong
  • Na hOileáin Fhilipíneacha
  • Paragua

Roinnt teangacha cuir in eagar

  • Lucsamburg
  • Singeapór
  • An Eilvéis