Dùn Deòrsa
Dúnfort ón 18ú haois a tógadh i nGarbhchríocha na hAlban i ndiaidh Éirí Amach na Seacaibíteach 1745
Daingean mór is ea Dùn Deòrsa (nó “Gearastan Deòrsa”). Tá sé suite ar rinn 3km siar ó thuaidh ón bhaile beag Àird nan Saor. Tógadh é san 18ú hAois mar gharastún do shaighdiúirí an rialtais a bhí ag cosaint na Gàidhealtachd tar éis Éirí Amach na Seacaibíteach sa bhliain 1745.
Dùn Deòrsa | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Dún míleata, iarsmalann mhíleata agus dún | |||
Foirgníocht | 1748 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland | |||
Suíomh | Inverness IV2 7TD | |||
| ||||
Séadchomhartha sceidealaithe | ||||
Am | 17 Lúnasa 2012 | |||
Am deiridh | 12 Samhain 2019 (dual designation) | |||
Foirgneamh liostaithe, catagóir A | ||||
Am | 5 Deireadh Fómhair 1971 | |||
ID GeoNames | 2649180 | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | historicenvironment.scot… | |||
Cuireadh tús leis an obair thógála sa bhliain 1748, le 1000 saighdiúir ag tógáil agus ag cosaint an tsuímh ó naimhde; críochnaíodh é sa bhliain 1769. Cé go bhfuil sé fós in úsáid mar bhaile do shaighdiúirí, tá sé oscailte freisin do chuairteoirí a bhfuil suim acu i stair agus stíl mhaireachtála an airm.
I mí Mheán Fómhair 2016, dúirt an Rúnaí Cosanta Michael Fallon go ndúnfaí an garastún in 2032.[1]