Dúnmharú Aidan Moffitt agus Michael Snee

Dúnmharaíodh Aidan Moffitt, 41 bliain d'aois ar an 10 Aibreán 2022 ag a theach cónaithe in Arda an Chartúin i Sligeach agus dúnmharaíodh Michael Snee, 58 bliain d'aois, ag a theach cónaithe i Radharc na Cathrach i Sligeach ar an 12 Aibreán 2022.[1] Deirtear go raibh cúis homafóbach leis na maruithe agus gur bhuail an bheirt íospartach lena ndúnmharfóir ar líne.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharú Aidan Moffitt agus Michael Snee
Cineáldúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana11 Aibreán 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSligeach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
an chúirt dúiche áitiúil i Sligeach

Imeachtaí cuir in eagar

Chuir an bheirt fhear fios ar Yousef Palani, 22 bliain d'aois, agus d'ionsaigh sé iad ina mbailte féin. Bhí sé scáfar an ciorrú a bhí déanta ar Moffitt agus Snee.[2][3]

Ceantálaí agus comhairleoir morgáistí agus airgeadais ab ea Moffitt, a raibh a chuideachta féin Hazelfort aige i mBaile Shligigh.[4] Ball cláraithe le páirti Fhine Gael a bhí ann agus tuigtear gur mhinic leis a bheith ag cuidiú leis an bpáirtí aimsir toghcháin.[3] Baineadh an cloigeann de agus sáthadh 43 uair é.[5]

Cúramóir agus póirtéir a bhí i Michael Snee; chaith sé a dhúthracht ag obair ar son seanóirí agus daoine faoi mhíchumas intleachtúil.[6]

An lá dár gcionn, d'impigh na Gardaí ar dhaoine a bhuaileann le daoine ar líne a bheith an-chúramach agus cara nó cairde dá gcuid a chur ar an eolas i gcónaí faoi cá bhfuil siad. Bhí siad ag moladh do dhaoine casadh le chéile in áit phoiblí ar dtús agus ansin i ndiaidh comhrá má bhraitheann duine compordach is féidir dul go háit phríobháideach leis an duine eile.[7]

Bhí eagraíochtaí Leispiach, Aerach, Déghnéasach, Trasinscneach ag iarraidh dlúthpháirtíochta ón bpobal agus go gcuirtear reachtaíocht i bhfeidhm chun déileáil le fuathchoireacht.[8]

Fiosrúchán cuir in eagar

Cúisíodh Yousef Palani maidir le marú Aidan Moffitt agus Michael Snee ar 14 Aibreán 2022. Tugadh Palani, le seoladh baile ag Arda Markievicz os comhair na cúirte dúiche áitiúil i Sligeach. Bhí cúis eile curtha i leith Palani maidir le hionsaí tromchúiseach ar Anthony Burke ar an 9 Aibreán i Sligeach.[9]

Phléadáil Palani ciontach. Bhí príosún saoil gearrtha ar Palani ar dhúnmharú Moffitt agus Snee i ar 24 Deireadh Fómhair 2023. Gearradh 20 bliain príosúin freisin air as Anthony Burke a ionsaí. Léiríodh sa gcúirt gur fuath ar fhir aeracha a spreag Palani.[5] Tugadh fianaise sa gcúirt go ndeachaigh sé sa tóir ar fhir aeracha ina gcónaí astu féin. Tugadh fianaise go raibh dúil aisteach aige na fir a cheangailt le rópa.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Nuacht TG4 - Tá dhá fhiosrúchán dúnmharaithe ar leith ar..." (as ga) . 
  2. Nuacht RTÉ (2022-04-13). "Dhá fhiosrúchán dúnmharaithe ar leith ar bun i Sligeach" (as ga). 
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ, Sorcha Ní Mhonacháin (2022-04-12). "Fear, 40, maraithe go brúidiúil i Sligeach" (as ga). 
  4. Nuacht RTÉ, Sorcha Ní Mhonacháin (2022-04-12). "Fear, 40, maraithe go brúidiúil i Sligeach" (as ga). 
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2023-10-23). "Príosún saoil gearrtha ar Palani faoi bheirt a mharú i Sligeach" (as ga-IE). 
  6. Nuacht RTÉ (2022-04-18). "Sochraidí Aidan Moffitt agus Michael Snee i Ros Comáin, Sligeach" (as ga). 
  7. Nuacht RTÉ (2022-04-13). "Impí ar dhaoine a bhuaileann le daoine ar líne a bheith cúramach" (as ga). 
  8. Conradh na Gaeilge Londain (2022). "16 Aibreán 2022 (Baile Átha Cliath) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-05-24.
  9. Nuacht RTÉ (2022-04-15). "Ócáidí á n-eagrú i gcuimhne ar Michael Snee agus Aidan Moffitt" (as ga).