Is éard is dabhach shéarachaisdabhach mhúnlaigh ann ná tobán faoi thalamh atá déanta as coincréit, snáithín gloine, nó plaisteach trína sreabhann fuíolluisce tí (camras), le haghaidh cóireála bunúsach camrais.[2] [3][4]

Scéimléaráid d'umar seipteach [1]

Cur síos cuir in eagar

 
Dabhach shéarachais agus draein pháirce sheipteach

Laghdaíonn próisis síothlaithe agus díleá anaeróbaigh solaid agus orgánaigh, ach níl an éifeachtacht cóireála ach measartha (dá ngairtear "cóireáil phríomhúil").[5] Is cineál saoráide simplí camrais ar an láthair iad dabhcha séarachais. Is féidir iad a úsáid i gceantair nach bhfuil ceangailte le gléasra diúscartha camrais, amhail limistéir thuaithe. Diúscraítear an t-eisilteach leachtach cóireáilte go coitianta i ndraein pháirce sheipteach, a sholáthraíonn cóireáil bhreise. Mar sin féin, d’fhéadfadh truailliú screamhuisce tarlú agus d’fhéadfadh sé a bheith ina fhadhb.

Tagraíonn an téarma "seipteach" don timpeallacht bhaictéarach anaeróbach a fhorbraíonn san umar a dhianscaoileann nó a mhianraíonn an dramhaíl a scaoiltear isteach san umar. Is féidir dabhach shéarachais a chúpláil le haonaid chóireála fuíolluisce eile ar an láthair amhail cisil scagtha bhitheolaíocha nó córais aeróbacha lena mbaineann aerú fórsáilte saorga.[6]

Tá an ráta carntha sloda — ar a dtugtar ábhar seipteach nó ábhar faecach freisin — níos tapúla ná an ráta dianscaoilte.[5] Dá bhrí sin, ní mór an t-ábhar faecach carntha a bhaint go tréimhsiúil, rud a dhéantar go coitianta le trucail folúis.[7]

In Éirinn cuir in eagar

Le linn 2023, bhí beagnach 500,000 teaghlach in Éirinn i dtuilleamaí dabhach séarachais.

Theip ar leath na ndabhcha séarachais a ndearna údaráis áitiúla cigirceachta orthu sa bhliain 2022 de réir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an EPA). Breis is 1,100 láthair a scrúdaíodh i 2022. Theip ar 560 acu. Bhí baol do shláinte an duine agus don timpeallacht i 230 acu - 21% den iomlán.[8]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Compendium of Sanitation Systems and Technologies. Federal Institute of Aquatic Science and Technology (Eawag)
  2. COGG. "Dabhach Shéarachais - Staidéar Foirgníochta". Dáta rochtana: 2023.
  3. COGG / tairseachcogg.ie. "Dabhach seipteach / íomhá".
  4. Compendium of Sanitation Systems and Technologies
  5. 5.0 5.1 Tilley (2014). "Compendium of Sanitation Systems and Technologies" (2nd ed.). Duebendorf, Switzerland: Swiss Federal Institute of Aquatic Science and Technology (Eawag). ISBN 978-3-906484-57-0. 
  6. Septic Systems for Waste Water Disposal”. American Ground Water Trust. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-17. Dáta rochtana: 2008-05-20.
  7. What is a septic system? How do I maintain one?”. National Environmental Services Center. nesc. Dáta rochtana: 4 March 2015.
  8. Nuacht RTÉ (2023-06-28). "Baol sláinte ó 20% de dhabhachanna séarachais tithe" (as ga).