Daithí Ó Muirí

scríbhneoir Éireannach

Scríbhneoir Gaeilge is ea Daithí Ó Muirí. Rugadh é i gContae Mhuineacháin ach anois tá sé ina chónaí i gCois Fharraige.[1]

Infotaula de personaDaithí Ó Muirí
Beathaisnéis
Breith1977
46/47 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir próis Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

LinkedIn: daithi-murray Cuir in eagar ar Wikidata

Tá ceithre bhailiúchán de ghearrscéalta foilsithe ag Ó Muirí agus saothar níos faide dar teideal . Thug Comhairle Ealaíon na hÉireann sparántacht €10,000 dó le cuidiú leis leanúint den scríbhneoireacht. Ghnóthaigh an bailiúchán Cogaí Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta sa bhliain 2001, agus mhaígh na moltóirí go raibh an saothar “thar barr”.[2]

Tá moladh tugtha dá shaothar as greantacht na stíle agus as an mblas neamhshaolta atá air.[3] Tá sé curtha ina leith gur saghas réalachas draíochta atá á chleachtadh aige, loighic na dtaibhreamh i limistéir choimhthíocha. Is féidir le daoine eitilt ina chuid scéalta agus teacht trasna ar rudaí nach bhfuil ann. Bíonn scéala achrainn ann i gcónaí, scéala a chuireann domhan iomlán eile i gcuimhne dúinn.[4]

Saothair cuir in eagar

  • Seacht Lá na Díleann. Cló Iar-Chonnacht Teo 2013.
  • . Cló Iar-Chonnacht Teo 2012.
  • Ceolta. Cló Iar-Chonnacht Teo 2006.
  • Cogaí. Cló Iar-Chonnacht Teo 2002.
  • Uaigheanna agus Scéalta Eile. Cló Iar-Chonnacht Teo 2002.

Nótaí cuir in eagar

  1. ’Na Mná,’ Daithí Ó Muirí, Beo, Eagrán 40, Lúnasa 2004: http://www.beo.ie/alt-na-mna.aspx.
  2. "Cló Iar-Chonnachta, Cogaí (leabhar clóite)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-12-28. Dáta rochtana: 2013-12-28.
  3. Leabhar Breac, Seacht Lá na Díleann: "Tá stíl shiúráilte scríbhneoireachta ag rith leis na scéalta seo... éirim éigin síúil, neamhshaolta, fíormhealltach iontu... agus draíocht áirithe leo a thug ar shiúl mé." Moltóir an Oireachtais, 1996: http://leabharbreac.com/leabhair.html?pID=30 Curtha i gcartlann 2013-12-28 ar an Wayback Machine
  4. Carson, Liam, ‘Like a Rolling Stone: Irish Language Literature and Art in a Modern Cultural Context,’ in Numéro Cinq Magazine, Vol. V, No. 10, October 2014: http://numerocinqmagazine.com/2014/10/01/uimhir-a-cuig-like-a-rolling-stone-irish-language-literature-and-art-in-a-modern-cultural-context-liam-carson/