Daniel Juslenius
scríbhneoir Fionlannach
Scríbhneoir Fionlannach ab ea Daniel Juslenius (10 Meitheamh 1676 – 17 Iúil 1752). Ba é Juslenius a bhreac síos an chéad fhoclóir Fionlainnise, Suomalaisen sana-lugun coetus. Tháinig an foclóir amach sa bhliain 1745. San am sin, ní raibh ach litríocht reiligiúnda á saothrú as Fionlainnis.
Daniel Juslenius | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | Mietoinen, 10 Meitheamh 1676, 1676, 10 Meitheamh 1676 | ||
Náisiúntacht | An tSualainn | ||
Bás | Q10671135 ![]() | ||
Muintir | |||
Céile/Céilí | Catharina Schultz (en) ![]() | ||
Páistí | liosta iomláin
| ||
Oideachas | |||
Alma mater | Acadamh Ríoga Turku | ||
Teangacha | An Fhionlainnis | ||
Gairm | |||
Gairm | foclóirí, teangeolaí, údar, sagart, múinteoir ollscoile, polaiteoir agus scríbhneoir | ||
Fostóirí | Acadamh Ríoga Turku | ||
Cleamhnú | |||
Reiligiúin | Liútarachas |
SaolCuir in Eagar
Bhí Juslenius an-díograiseach faoin teanga, ach is dócha go ndeachaigh sé thar fóir ó am go ham. Mar shampla, sa bhliain 1700, scríobh sé Aboa vetus et nova, tráchtas Laidine faoi chultúr na Fionlainne, agus is é an rud a d'áitigh sé sa saothar seo ná gurbh as an bhFionlainn do na Gréagaigh agus do na Rómhánaigh ar dtús!
Ba é Juslenius a scríobh Vindiciae Fennorum ("Suomalaisten puolustus") freisin, sa bhliain 1703.