Daonáireamh
Is bealach é daonáireamh chun faisnéis a bhailiú faoi gach duine sa daonra. Is téarma é a úsáidtear de ghnáth maidir le daonáireamh daonra agus tithíochta a dhéantar, de réir mholtaí na Náisiún Aontaithe, gach deich mbliana. Baintear an-úsáid as daonáireamh ar son taighde, chun ionadaíocht dhaonlathach a chinntiú, agus chun bearta eacnamaíocha agus sóisialta a phleanáil.
Tá sonraí faoin dhaonáireamh a rinneadh sa tSín sa bhliain 2AD ar fáil go fóill - áiríodh go raibh 59.6 milliún duine in Impireacht na Síne ag an am. Dar leis an mBíobla rinne Impire na Róimhe daonáireamh thart faoin am céanna, ach níl sonraí ar fáil.
NaiscCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |