Cuireann Dlí AmagatDlí na bPáirttoirteanna, de chuid na bliana 1880, síos ar iompar agus airíonna mheascáin de ghás idéalach (chomh maith le roinnt cásanna de ‘neamh-idéalach’). Baintear feidhm as an dlí seo sa cheimic agus sa theirmidinimic. Deir Dlí Amagat, go mbíonn an toirt fhairsing V = N·v an gháis mheascaithe, cothrom le suim na dtoirteanna Vi de chomhpháirteach K na ngás, má fhanann an teocht T agus an brú p mar an gcéanna: [1][2]

Is é seo an slonn turgnamhach de toirt mar cainníocht fhairsing. Tá sé ainmnithe ina onóir Emile Amagat.

De réir Dlí na bPáirttoirteanna de chuid Amagat, ba chóir go mbeadh an méid iomlán de mheascán neamh-imoibrithe gás, ag teocht agus brú tairiseach, cothrom le suim na bpáirttoirteanna aonair de na gáis comhábhartha. Mar sin, má mheastar a bheith ina Pháirttoirteanna de líon na gcomhdhúil sa ghás meascaithe, beidh méid iomlán na toirte a léiriú mar:

Tuarann Dlí Amagat agus Dlí Dalton araon airíonna na ngás meascaithe. Tá a gcuid fáisnéisí mar an gcéanna do na gásánna idéalacha. Mar sin féin, le haghaidh na bhfíor-ghás (neamh-idéalach), tá difríochtaí sna torthaí <ref> "Ceimic Fhisiceach" .  </ ref> Glacann [Dlí Dalton] faoi Bhrúnna Codánacha go bhfuil na gáis sa mheascán neamh-idirghníomhaíocht (le chéile) agus cuireann gach gás, go neamhspleách, a bhrú féin i bhfeidhm, agus suimithe le chéile faightear an brú iomlán. Glacann Dlí Amagat go bhfuil toirteanna na ngás comhpháirteach (arís ag an teocht agus an brú céanna) breiseánach; Bíonn idirghníomhaíochtaí na ngás éagsúil mar na gcéanna le meán idirghníomhaíochtaí na gcomhpháirteanna.

Is féidir na hidirghníomhaíochtaí a léirmhíniú i dtéarmaí dhara comhéifeacht viriúil, B(T), dom mheascán. I gcomhair dhá chomhpháirt, is féidir leis an dara comhéifeacht viriúil a léiriú mar:

i gcás ina a thagraíonn na foscripteanna do chomhpháirteanna 1 agus 2, bíonn na X'anna ina mhólchodáin, agus is iad na B'anna na dara comhéifeachtaí viriúla. Ríomhtar an tras-téarma, B 1,2, sa mheascáin mar:

(Dlí Dalton)
agus 
(Dlí Amagat).

Nuair a bhíonn toirteanna gach aon comhábhar sa ghás (teocht agus brú céanna) cosúil lena chéile, ansin ó thaobh na matamaitice de bíonn dlí Amagat agus dlí Vegard cothrom i gcás meascán soladach.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Amagat's law of additive volumes
  2. Bejan, A. (2006). "Advanced Engineering Thermodynamics". John Wiley & Sons.