Dlí canónta na hEaglaise Caitlicí

Dlí canónta na hEaglaise Caitlicí (Laidin: ius canonicum) is ea na dlíthe agus na prionsabail dlí atá mar bhonn faoin gcóras dlí na hEaglaise.

an Suí Naofa agus an dlí

Stair cuir in eagar

Ius novum cuir in eagar

Tháinig fás an-mhór faoin dlí Canónta ón 12ú haois ar aghaidh.[1] Breathnaíodh ar an Phápa mar dhlíodóir, ar bhealach, agus chreid ardoifigigh na heaglaise gurbh é an rud ba thábhachtaí ná an dlí Canónta a fhorbairt agus a shonrú. I measc na ndlíthe seo bhí dlí a chuir cosc le pósadh na cléire. Ach in ainneoin na rialacha nua a cuireadh ar phár sa Róimh, ba bheag an t-athrú a tháinig ar nósanna na cléire ar fud na hEorpa go deireadh na meánaoise.

 
Codex Iuris Canonici, 1917 nó an Cód Pio-Bheinidicteach

Ius codicis cuir in eagar

Ar an 27 Bealtaine 1917, d'fhógair an Pápa Beinidict XV an Cód Pio-Bheinidicteach 1917.[2] An chéad iarracht ar na dlíthe canónta a bhaineann leis an ngnásaíocht Laidineach san Eaglais Chaitliceach Rómhánach a chódú ab ea é. Deirtear gurb é an ócáid is tábhachtaí ó thaobh an dlí chanónta de i mbeagnach ocht gcéad bliain.

Dlí Johanno-Pauline cuir in eagar

Bhí an Cód Pio-Bheinidicteach 1917 bailí go dtí gur tháinig an Cód Dlíthe Canónta reatha i bhfeidhm sa bhliain 1983.[3]

Dlí canónta in Éirinn cuir in eagar

Bhreathnaigh Tuarascáil Choimisiún Imscrúdúcháin Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath (Coimisiún Iníon Uí Mhurchú) a foilsíodh sa bhliain 2009 ar chur i bhfeidhm an dlí chanónta san Ard-Deoise maidir le mí-úsáid páistí idir 1975 agus 2004[4]. Fuarthas (Caibidil 4, lgh 57-80) go raibh easnaimh mhóra thar na blianta sa chaoi ar chuir an Eaglais a rialacha féin sa réimse seo i bhfeidhm. 

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ceist na hAontumhachta" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-05-27.
  2. canonlaw.info (1917). "Master Page on the Pio-Benedictine Code of 1917". www.canonlaw.info. Dáta rochtana: 2020-05-27.
  3. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-27.
  4. The Department of Justice and Equality. "Report by Commission of Investigation into Catholic Archdiocese of Dublin" (en). The Department of Justice and Equality. Dáta rochtana: 2020-05-27.