Duais bhliantúil is ea Duais Atorox a bhronnann Cumann Fhicsin Eolaíochta Thúrcú ar an ngearrscéal nuafhoilsithe fantaisíochta nó ficsin eolaíochta is fearr. Is í an duais is sine den chineál seo, agus í ceaptha le súil na léitheoirí Fionlannacha a tharraingt ar an gcineál seo litríochta agus leis na scríbhneoirí a spreagadh chun pinn. Bronnadh an chéad duais ar Antti Oikarinen as ucht an ghearrscéil úd Jumalten vuori ("Sliabh na nDéithe") sa bhliain 1983.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDuais Atorox
Cineálgradam Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAtorox Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht14 Bealtaine 1983 - 
Tíran Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bronnta agCumann Ficsin Eolaíochta Turku Cuir in eagar ar Wikidata

Fuair an duais a hainm ó Atorox, róbat i scéalta Aarne Haapakoski, nó "Outsider", a bhí ina cheannródaí mar scríbhneoir ficsin eolaíochta san Fhionlainn.

Tá dhá cheann de na scéalta a bhain amach Atorox, mar atá, Péist an Mheán-Oíche in Ikaalinen le S. Albert Kivinen (Atorox na bliana 1988) agus An Áit a nIompaíonn na Traenacha le Pasi Jääskeläinen (Atorox na bliana 1998) le léamh as Gaeilge ar an Idirlíon.

Naisc sheachtracha cuir in eagar