Dublin and Kingstown Railway

An chéad iarnród paisinéirí in Éirinn (1834-1856)

Ba é an Iarnród Bhaile Átha Cliath & Bhaile an Rí (D&KR, Béarla: Dublin and Kingstown Railway) an chéad iarnród in Éirinn,[1] a osclaíodh go poiblí ar 17 Nollaig 1834.[2] Bhí an t-iarnród timpeall sé mhíle ar fad ó Rae an Iarthair i mBaile Átha Cliath go dtí Dún Laoghaire.[3]

Bosca Sonraí EagraíochtaDublin and Kingstown Railway
(en) Dublin and Kingstown Railway
(ga) Iarnród Bhaile Átha Cliath & Bhaile an Rí Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcomhlacht iarnróid Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1831
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1925
1856 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitDublin and South Eastern Railway (en) Aistrigh
Dublin, Wicklow and Wexford Railway (en) Aistrigh , Baineann le cuid: operation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Thóg an t-innealtóir John Rennie (a rugadh in 1761) Cuan Dhún Laoghaire[4] idir 1817-1827.[5][6]

Sa bhliain 1830 thosaigh an t-iarnród Learpholl go dtí Manchain ag feidhmiú i Sasana. Bhí baint ag ceannaithe Bhaile Átha Cliath le gnó an dá chathair sin. D’fhostaigh James Pim (Junior), stocbhróicéir, an t-innealtóir sibhialta Alexander Nimmo ar a chostas féin, chun bealach a phleanáil chun an chathair a nascadh leis an gcalafort nua. Mar thoradh air sin cruthaíodh an chuideachta "Dublin and Kingstown Railway" in 1831.[5]

Osclaíodh an t-iarnród go poiblí ar 17 Nollaig 1834.[7][2] Bhí an foirceann thuaidh ag stáisiún ar a dtugtar Stáisiún na bPiarsach, Baile Átha Cliath.[8][9] Bhí an foirceann theas gar don ché thiar.[10]

De réir mar a mhéadaigh D&WR ó dheas, athainmníodh é an "Dublin, Wicklow and Wexford Railway" agus níos déanaí an "Dublin and South Eastern Railway", "Great Southern Railways" (GSR) i 1925 agus Córas Iompair Éireann i 1945..

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Kullmann, K (2018). "The First Irish Railway" (in en): clúdach cúil. Dublin: The History Press. ISBN 9780750987646. OCLC 1037272614. 
  2. 2.0 2.1 Kullmann 2018:27
  3. Casserley, HC (1974). "Outline of Irish Railway History" (in en): 27–28. Newton Abbot: David & Charles. ISBN 0715363778. OCLC 249227042. OL 5094081M. 
  4. "Dún Laoghaire Harbour" (as en) (2023-02-12). Wikipedia. 
  5. 5.0 5.1 Murry, KA (1981). "Ireland's First Railway" (in en): 11–16. Dublin: IRRS. ISBN 0904078078. OCLC 25224606. 
  6. "The history of Dun Laoghaire Harbour, construction and compromise" (en-IE). Engineers Ireland. Dáta rochtana: 2023-04-28.
  7. Kullmann 2018:33
  8. Kullmann 2018:35–36
  9. Tugadh ""Westland Row"" ar an stáisiún
  10. Kullmann 2018:36

Tuilleadh léitheoireachta cuir in eagar

  • Whishaw F (1842). "The Railways of Great Britain and Ireland — practically described and illustrated" [Iarnróid na Breataine Móire agus na hÉireann] (in en): 62–71. Londain: John Weal. OCLC 25224606. OL OL20464811M.