Eachtra Neara

réamhscéal sa Táin

Sa Rúraíocht, is réamhscéal é Eachtra Neara (Sean-Ghaeilge Echtrae Nerai) den Táin Bó Cúailnge. Caomhnaíodh an scéal i Leabhar Buí Leacáin na 10ú haoise, chomh maith le lámhscríbhinn na 15ú haoise.

Oíche Shamhna a bhí ann, agus bhí Neara, laoch in arm Mhéabha agus Ailill mac Máta, i mbun seilge ar shliabh Chruachain (Ráth Cruachan i gContae Ros Comáin). Thug Ailill dúshlán dá laochra, 'sé sin, in ainneoin oíche Samhna agus gach olc a bhaineadh léi, maide sailí a cheangail ar chois fhir chrochta. Nuair a chuir sé an maise thart ar rúitín an marbháin, bhog sé agus d'iarr sé uisce uaidh. Lig Neara dó é a dreapadh ar a dhroim agus d'iompair é chuig teach, ach léim lasracha aníos thart ar an tigh agus iad ag teacht ina threo. Chuaigh siad chuig teach eile, ach timpeallaíodh é le huisce. Ar an tríú hiarraidh acu, d'éirigh leo dul isteach i dtigh, agus d'ól an marbhán trí gloine uisce, ag caitheamh an cheann deiridh amach ar mhuintir an tí, á mharú.

Chuir Neara an marbhán ar ais ar an gcroch, ach ar a shlí arís chuig an gcúirt, chonaic sé baile trí thine, agus cách ann marbh, básaithe ag gaiscíoch naimhdeach. Lean sé roinnt daoine isteach i liosachán in aice an rítheaghlaigh. Chuaigh sé isteach féin agus bhuail sé le sidhe, a thug rabhadh agus míníonn dó go bhfuil tairngreacht na todhchaí feicthe aige: tharlódh an t-ionsaí faoin Samhain sin arís.

Cé gur mhaith le Neara fanacht in éineacht leis na sidhe, chuaigh sé ar ais go Cruachain chun na lucht cónaithe a chur ina bhfaichill ar a gcinniúint. Chun é sin a sheachaint, shocraigh siad, le Méabh agus Ailill mar cheannairí agus cabhair ó Fergus mac Róich, an liosachán a ionsú agus é a bhánaigh. Shocraigh Neara fanacht sa liosachán agus gan dul ar ais go Cruachan.[1]

I leagan eile den scéal, is amhlaidh gur fhan Nera sa liosachán ar feadh bliana. Nuair a tháinig sé ar ais go Méabh, is léir dó nach ndeachaigh am ar bith thart ón oíche a cheangail sé an maide sailí ar chois an chrochta. Mar fhianaise a eachtra, thóg sé bláth úr an tsamhraidh amach leis ar an Samhain úd. Ní luaitear sa leagan seo an t-achrann ag an liosachán.

Litríocht

cuir in eagar
  1. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur lch. 841.