Eachtra lámhaigh in Shegaia (2023)


Tharla eachtra lámhaigh in Shegaia,[1] cathair Gaza ar an 15 Nollaig 2023 nuair a scaoileadh marbh Alon Shamriz, Yotam Haim agus Samer Talalka, ainneoin go raibh brat bán ar iompar acu agus gur ghlaoigh siad amach in Eabhrais ag lorg cúnaimh.. D'fhuadaigh Hamas iad ón fhéile ceoil Nova mar chuid dá n-ionsaí ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair, ach chuir arm Iosrael na hordóga orthu.[2][3] Bhí sé ráite ag arm Iosrael gur de bhotún a lámhachadh triúr gialla mar gur cheap na saighdiúirí gur bagairt iad.[4]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEachtra lámhaigh in Shegaia
Íomhá
Map
 31°30′02″N 34°28′12″E / 31.5006°N 34.47°E / 31.5006; 34.47
Cineálmarú
friendly fire (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deIsraeli invasion of the Gaza Strip (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana15 Nollaig 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
póstaeir a cuireadh suas chun cúnamh a thabhairt do na gialla de chuid Hamas
Yotam Haim

Imeachtaí cuir in eagar

Bhí ceirt bhán ar iompar ag na gialla Iosraelacha nuair a mharaigh arm a dtíre féin iad de thimpiste;[5] cheap siad gur trodaithe de chuid Hamas a bhí iontu. Bhí trodaíocht ar bun sa cheantar "áit a mbíonn trodairí Hamas ag feidhmiú in éadaí sibhialtaigh agus taicticí cleasaíochta in úsáid acu." "Bhí na fir gan léine agus bhí maide acu a raibh ceirt bhán air. Mhothaigh an saighdiúir faoi bhagairt agus chaith sé leo. D'fhógair sé gur sceimhlitheoirí iad, scaoil an t-arm piléir leo agus mharaigh siad beirt ar an toirt."

Goineadh an tríú giall agus chúlaigh sé isteach i bhfoirgneamh, áit ar scairt sé amach in Eabhrais, a dúirt an t-urlabhraí airm. Faraor dó, cheap an t-arm go raibh cleas eile ann (labhraíonn na trodaithe Hamas Eabhrais uaireanta) agus mharaigh an t-arm é ar an toirt.[5]

Tháinig fear de chuid na Téalainne, á choinneáil mar ghiall in éineacht le Shamriz, Haim agus Talalka, slán as an slad. Ní raibh cumas Hamas air.

Iarmhairtí cuir in eagar

Chuir an príomh-aire Benjamin Netanyahu a chomhbhrón in iúl faoina mbás anabaí.[6]

D'ordaigh an rialtas go ndéanfadh Fórsaí Armtha Iosrael fiosrúchán faoin eachtra. Bhí a gcomhbhrón curtha in iúl ag an arm do ghaolta na ngialla agus dúirt an t-arm nach gceilfidh an fiosrúchán aon eolas maidir leis an mharú. Ach ag an am céanna, dúirt an t-urlabhra gur scaoileadh leis na gialla in aghaidh rialacha comhraic arm Iosrael ach ní thabharfaí cúisimh in aghaidh na saighdiúirí.. Dúirt an tArm go raibh ceachtanna foghlamtha acu ón eachtra seo agus go raibh treoir shoiléir tugtha acu dá saighdiúirí i nGaza.[5]

Tharla agóidí in Iosrael in aghaidh mharú na bhfear agus bhí daoine ag éileamh freagraí ón arm agus ón Rialtas.

Cúlra cuir in eagar

Scaoileadh saor 110 braighdeanach mar chuid de shos cogaidh seacht lá i mí na Samhna 2023, inár aontaigh Iosrael cimí Palaistíneacha a shaoradh as príosúin in Iosrael.[5]

Bhí na Stáit Aontaithe ag an am ag iarraidh tabhairt ar Iosrael maolú ar a bhfeachtas míleata agus díriú go sonrach ar cheannairí Hamas sa stráice. Bhí sé ráite ag Jake Sullivan, comhairleoir slándála Joe Biden le Rialtas Benjamin Netanyahu go bhfuil an baol ann go gcaillfidh Iosrael tacaíocht an phobail idirnáisiúnta má leanann siad dá n-ionsaithe aeir as éadan ar shibhialtaigh

Bhí corradh le 19,000 duine maraithe i nGaza ó thosaigh Iosrael ar a bhfeachtas i ndiaidh ionsaí Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.[5]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. nó ceantar Shejaiya, in aice le cathair Gaza.
  2. "Israel Gaza: Hostages were carrying white cloth when shot, IDF says" (en-GB) (2023-12-16). Dáta rochtana: 2023-12-17.
  3. Aaron Boxerman, Ben Hubbard, Thomas Fuller (2023-12-16). "Israel Says 3 Hostages Bore White Flag Before Being Killed by Troops" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2023-12-17.
  4. Nuacht RTÉ (2023-12-17). ""Dhúnmharaigh" arm Iosrael é, a deir deartháir le giall Hamas" (as ga). 
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 Nuacht RTÉ (2023-12-16). "Ceirt bhán ar iompar ag an 3 giall nuair a mharaigh Iosrael iad" (as ga-IE). 
  6. nypost.com (2023-12-16). "Israel 'crying' for three slain hostages, 'heavy' price of war: Netanyahu" (en-US). Dáta rochtana: 2023-12-17.
  7. Wafa.pf (2018). "Israeli Supreme Court fully adopts Israeli army’s shoot to kill policy in Gaza". Dáta rochtana: 2023.