Eibhlín Ní Choillte
file Éireannach
Síltear gurbh í Eibhlín Ní Choillte (fl. 1745) an file a chum ceann de na hamhráin Sheacaibíteacha ba mhó a raibh glaoch orthu: “Stadaidh bhur ngéarghol, a ghasra chaomhdha”. Tá breis is fiche cóip de ann. Murab ionann is cuid de na hamhráin a tháinig roimhe, tá sé lán de dhóchas agus de mheanma.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Floruit | 1745 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Ainmnítear an t-údar mar Eibhlín Ní Choillte nó Eibhlín Ní Eachiarainn, ach tá an chéad ainm le fáil sa chuid is mó mó de na lámhscríbhinní éagsúla. Síltear gurbh as Cathair Dhroinge láimh le Baile Mhistéala di.[1]
Stadaidh bhur ngéarghol, a ghasra chaomhdha (sliocht)[2]
cuir in eagar- Stadaidh bhur ngéaghol, a ghasra chaomhdha,
- Ná scaipidh bhur ndéara, ní gá dhíbh,
- Táid fearchoin laochta na Banba aosta
- Go bagrach baolach ag gardaíocht,
- An aicme seo an Bhéarla atá i gceannas na hÉireann
- Do cheangail ár gcléir bhocht fá ardchíos –
- Beid feasta fá dhaorbhroid ag freastal do Ghaelaibh
- Is gan acfainn a saortha ag Seán Buí.
Nótaí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Ní Choillte, Eibhlín (fl. 1745): https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=2151
- ↑ Ní Dhonnchadha, Máirín (eag.), “Courts and Coteries II” in Angela Bourke (eag.), Field Day Anthology of Irish Writing IV: lch 435. NYU Press, 2002.