Is éard atá i gceist leis an eindrin(1R,4S,5R,8S)-1,2,3,4,10,10-heicseaclóra-6,7-eapocsa-1,4,4a,5,6,7,8,8a-ochtaihidri-1,4:5,8-dhémheatana-naftailéin ná ceimiceán tocsaineach a d'úsáidtí mar fheithidicíd - is é sin, mar nimh le feithidí a mharú - agus mar nimh in aghaidh na n-iasc (éiscicíd) agus na gcreimirí (creimiricíd). Ba iad ceimiceoirí na mórghnólachtaí úd Shell agus Velsicol Chemical a tháirg na chéad eiseamail eindrin thiar sa bhliain 1950. Ba ghnách eindrin a dhíol mar thuaslagán ineiblithe ar a dtugtaí Endrex. Sa deireadh thiar áfach fuarthas amach gur dual don eindrin carnadh a dhéanamh sa bhiashlabhra agus san orgánach daonna féin, cosúil leis an DDT, agus dá réir sin tá cosc curtha ar úsáid na nimhe seo ina lán tíortha.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachEindrin
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach377.870630956 Da
Róldevelopmental toxicant (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachC₁₂H₈Cl₆O
SMILES canónta
Model 2D
C1C2C3C(C1C4C2O4)C5(C(=C(C3(C5(Cl)Cl)Cl)Cl)Cl)Cl
SMILES isiméireach

C1[C@@H]2[C@@H]3[C@H]([C@H]1[C@H]4[C@@H]2O4)[C@@]5(C(=C([C@]3(C5(Cl)Cl)Cl)Cl)Cl)Cl
InChIModel 3D
Airí
Dlús1.7 g/cm³ (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe dianscaoilte200 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Guais
Meánteorainn nochta ualaithe ama0.1 mg/m³ (10 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte2 mg/m³
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata

Is stéiré-isiméir de chuid na dé-eildrine í an eindrin, is é sin níl de dhifríocht idir an dá chomhdhúil seo ach an struchtúr tríthoiseach. An fhoirmle struchtúrtha dhéthoiseach a tharraingeofá, abair, ar an bpáipéar, is ionann í don dá cheann acu.