Seandálaí agus oisteolaí Gearmánach ab ea Elisabeth Schmid (1912–27 Márta 1994). Is fearr aithne uirthi mar gheall ar a cuid oibre a bhaineann leis an dealbh réamhstairiúil, Der Löwenmenschan (Gaeilge: An leonfhear), agus mar gheall ar a leabhar, Atlas of Animal Bones.

Infotaula de personaElisabeth Schmid
Beathaisnéis
Breith17 Iúil 1912
Freiburg im Breisgau, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Márta 1994
81 bliana d'aois
Basel, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Freiburg Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Freiburg im Breisgau
Köln
Bonn
Wrocław
Basel Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmgeolaí, réamhstaraí, seandálaí, pailé-ointeolaí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Freiburg
Ollscoil Basel Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis

Luathshaol agus gairm bheatha

cuir in eagar

Rugadh Schmid i Freiburg im Breisgau sa bhliain 1912 agus bhain sí PhD amach ó Ollscoil Freiburg . [1]

Le linn a gairme, d’fhoilsigh Schmid breis is dhá chéad páipéar agus dhá leabhar. [1] Thosaigh sí ag déanamh staidéir ar chnámha ainmhithe ó Augusta Raurica sna 1950idí, agus ba í an anailís a rinne sí ar na cnámha sin ab ábhar don leabhar is iomráití dá cuid, Atlas of Animal Bones, a foilsíodh i 1972 agus atá fós in úsáid ar fud an domhain sa lá atá inniu ann. [2] Sa bhliain 1953, bhunaigh sí saotharlann in Ollscoil Basel le haghaidh staidéir réamhstairiúla. Sa bhliain 1975 bhí sí ar an gcéad bheaní le bheith ina déan ar dhámh na n-eolaíochtaí nádúrtha .[3]

Sna 1980í, bhí baint ag Schmid leis an dealbhóireacht eabhair réamhstairiúil ar a dtugtar Der Löwenmensch. D'aimsigh Otto Völzing é den chéad uair sa bhliain 1939, i bpluais in iardheisceart na Gearmáine . Tá thart ar 30 faoin gcéad den dealbh ar iarraidh, agus tá go leor conspóide faoina inscne. Léirigh an seandálaí Gearmánach Joachim Hahn cuid den dealbh mar léiriú ar na baill ghiniúna fireann; áfach, rinne Schmid léirmhíniú ar an gcuid céanna den dealbh mar thriantán púbasach .[4] hosaigh Schmid agus an t-athchóiritheoir Ute Wolf ar an dealbh i bhfómhar na bliana 1987.[2] Chuir Schmid agus an t-athchóiritheoir Ute Wolf tús le hathchóiriú breise ar an dealbh i bhfómhar na bliana 1987. [5]

Fuair Schmid bás ar 27 Márta 1994. [1]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 Ogilvie (2003). "The Biographical Dictionary of Women in Science: Pioneering Lives From Ancient Times to the Mid-20th Century" (in en). Routledge. ISBN 9781135963422.  Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "Ogilvie" defined multiple times with different content
  2. Deschler-Erb (2017). "Animal Husbandry in Roman Switzerland: State of Research and New Perspectives". European Journal of Archaeology 20 (3): 416–430. doi:10.1017/eaa.2017.18. Dáta rochtana: 10 October 2017. 
  3. Elisabeth (2022). "Atlas of Animal Bones - Tierknochenatlas" (in en). Emono. doi:10.21255/978-3-033-09560-1. ISBN 9783033095601. 
  4. Schulz (9 December 2011). “Is the Lion Man a Woman?: Solving the Mystery of a 35,000-Year-Old Statue”. Spiegel Online. Dáta rochtana: 10 October 2017.
  5. Die Entdeckung des Löwenmenschen”. www.loewenmensch.de. Dáta rochtana: 10 October 2017.