Ericus Erici Sorolainen
easpag Fionlannach
Easpag Fionlannach ab ea Ericus Erici Sorolainen (1546 - 1625). Bhí baint aige leis an bpolaitíocht agus le litríocht na Fionlainnise. Easpag ab ea é ó 1583 ar aghaidh. Sna 1620idí, chuir sé in eagar díolaim seanmóiríochta. Scríobh sé caiticiosma Fionlainnise freisin. Maidir le Paavali Juusten, b'as Laidin ba mhó a bhí sé ag scríobh, ach scríobh seisean caiticiosma sa teanga dhúchais freisin.