Bhí Erwin Bumke (7 Iúil 187420 Aibreán 1945) i gceannas na mbreithiúna Naitsíocha, mar an uachtarán deireanach ar an Reichsgericht[1] (1929-45).[2]

Infotaula de personaErwin Bumke

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Iúil 1874
Słupsk, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Aibreán 1945
70 bliana d'aois
Leipzig Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú
Áit chónaitheSłupsk
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí na Naitsithe
Páirtí Náisiúnta an Phobail Ghearmánaigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Gradam a fuarthas

Thug Bumke lámh ina bhás féin ar 20 Aibreán 1945 (breithlá Hitler). Seachas sin, bheadh sé os comhair na cúirte i dTriail na mBreithiúna i 1947.[3]

Saol cuir in eagar

 
Bhí Bumke ina bhall de Dhaon-Pháirtí Náisiúnta na Gearmáine (an DNVP)

Tar éis do Bumke gairm bheatha fhada a chaitheamh mar státseirbhíseach sa Reichsjustizamt (1907-19) agus sa Reichsjustizministerium (1919-29), ceapadh ina Uachtarán ar an Reichsgericht sa bhliain 1929.[4] Ba é an fear deireanach sa phost sin.

 
an forigneamh Reichsgericht inniu, chuid den ollscoil Leipzig

Bhí Bumke ina bhall de Dhaon-Pháirtí Náisiúnta na Gearmáine (an DNVP). Bhí sé, mar aon le dlíodóirí sinsearacha eile (mar shampla Franz Gürtner agus Franz Schlegelberger0 ag comhoibriú go dílis le réimeas na Naitsithe tar éis dóibh teacht i gcumhacht i 1933;

Chleamhnaigh Bumke leis an SS sa bhliain 1933 agus chuaigh sé isteach sa pháirtí Naitsíoch ceithre bliana ina dhiaidh sin.

Bhí baint ar leith ag Bumke le forálacha "Rassenschande" (nó "náire chiníoch")[5] de chuid Dlíthe Nurnberg a fhorfheidhmiú agus leis an gclár eotanáis éigeantach Aktion T4 a chur i bhfeidhm.[4]

Chuir Hitler fad lena théarma oifige sa bhliain 1939.

Féinmharú cuir in eagar

Chuir Bumke lámh ina bhás féin ar lá breithe Hitler, 20 Aibreán 1945, go gairid tar éis d'fhórsaí de chuid na Stát Aontaithe Leipzig (ceannáras an Reichsgericht) a ghabháil.

Ba chosantóirí i dTriail na mBreithiúna ag Nurnberg roinnt de na príomhbhreithiúna Naitsíocha sa bhliain 1947. Ceapadh cuid de chomhghleacaithe Bumke ar an Reichsgericht ina mbaill den Bundesgerichtshof (an chúirt chomhionann i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine) nuair a tháinig ann di sa bhliain 1950, lena n-áirítear a chéad Uachtarán (1950-60), Hermann Weinkauff, a ghlac páirt i roinnt cinntí i gcásanna "Rassenschande", cé nach raibh páirt aige sa pháirtí Naitsíoch.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Rinne An tOll. Dr. André Niedostadek athbhreithniú ar shaol agus ar ghairm bheatha Bumke i bpíosa a foilsíodh (i nGearmáinis) sa bhliain 2014.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. an chúirt is airde de chuid na Gearmáine ó 1871 go 1945
  2. UCD School of Law (2020T03:35). "Erwin Bumke" (ga). @UCDLawSchool. Dáta rochtana: 2020-04-21.
  3. 3.0 3.1 LTO. "Der letzte Präsident des Reichsgerichts: Erwin Bumke" (de). Legal Tribune Online. Dáta rochtana: 2021-04-20.
  4. 4.0 4.1 4.2 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Erwim Bumke". Dáta rochtana: 2021.
  5. "Rassenschande" (as en) (2021-03-26). Wikipedia.