Fabhcún Barbarach
Is fabhcún meánmhéide é an fabhcún Barbarach (Falco peregrinus pelegrinoides) atá chóir a bheith ar cóimhéid le préachán. Faightear an t-éan creiche seo ó na hOileáin Chanáracha san oirthear trí cheantair áirithe i dTuaisceart na hAfraice, sa Meánoirthear, agus i Lár na hÁise.
Falco pelegrinoides | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Falconiformes |
Fine | Falconidae |
Géineas | Falco |
Speiceas | Falco pelegrinoides Temminck, 1829 |
Cur síos
cuir in eagarIs maith leis an bhfabhcún Barbarach aeráid bhreacfhásaigh agus cnoic thirime oscailte. De ghnáth, beireann sé a chuid uibheacha i neadacha ar dhreapaí aille.
Tá sé cosúil leis an bhfabhcún gorm, ach níos lú — idir 33 agus 39 cm ar fad agus réise sciathán idir 76 agus 98 cm. Tá clúmh sainiúil aige, agus dá bharr sin is féidir na héin fásta a aithint ón fhabhcún gorm. Measann roinnt daoine gur speiceas ar leith é (Falco pelegrinoides[1]) toisc go bhfuil sé oiriúnaithe don fhásach. Ach le déanaí, fuarthas go bhfuil sé cosúil le fospeicis eile de chuid an fhabhcúin ghoirm ó thaobh na ngéinte de, mar sin meastar gur fospeiceas é anois (Falco peregrinus pelegrinoides).
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Falco pelegrinoides” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-27.