Bundúchasach Tasmánach ba ea Fanny Cochrane Smith (1834 – 1905). Deirtear gurbh í an duine deireanach a raibh teanga Bhundúchasach Thasmánach ar a toil aici, agus ise a rinne an t-aon taifeadadh amháin den teanga sin.

Infotaula de personaFanny Cochrane Smith

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithNollaig 1834
Oileán Flinders, Tasmania Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Feabhra 1905
70 bliana d'aois
Port Cygnet, Tasmania Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Teanga dhúchaisteangacha Tasmánacha
Gníomhaíocht
TeangachaTeangacha Tasmánacha

Beatha cuir in eagar

Bhí a tuismitheoirí, Tanganutura and Nicermenic, ar na Bundúchasaigh a chuir George Augustus Robinson ina gcónaí ar Oileán Flinders sna 1830í. Ní fios cén t-ainm Bundúchasach a bhí uirthi, ó thug Robinson ainmneacha Eorpacha ar na Bundúchasaigh go léir.

Sa bhliain 1842 chuaigh sí isteach sa Queen's Orphan School, Hobart, ag foghlaim conas a bheith ina cailín aimsire, ach is crua an smacht a bhí ar na páistí agus is beag a d'fhoghlaim siad. Chaith sí tamall ar Oileán Flinders i dteach an chaiticheasmóra Robert Clark, áit a raibh saol crua ainnis aici ar bheagán pá. Bhí sé Bhundúchasach is daichead ar an oileán agus sa bhliain 1847 aistríodh iad go dtí Camas na nOisrí (Oyster Cove). Chuaigh Fanny féin ann chun cónaí lena máthair agus lena deirfiúr tar éis a bheith tamall ar aimsir in Hobart.

Sa bhliain 1854 phós sí an Sasanach William Strong, athdhaoránach agus sábhadóir. Thuill siad a mbeatha le claíodóireacht agus le teach lóistín in Hobart, ach bhí caidreamh ag Fanny fós ar a muintir. Thogh an lánúin píosa talaimh in aice le Camas na nOisrí agus bhí aon duine dhéag clainne orthu.

Tar éis bhás Trugernanner sa bhliain 1876 d'fhógair Fanny gurbh ise an Bundúchasach Tasmánach deireanach de shliocht neamh-measctha. Sa bhliain 1889, mar sin, chuir rialtas na coilíneachta £26 leis an deontas bliantúil (£24) a tugadh di nuair a phós sí agus bhronn 300 acra uirthi. Lean sí uirthi ag sealgaireacht, ag bailiú bia dúchasach agus luibheanna leighis, ag déanamh ciseán, ag tumadh ar thóir iasc sliogánach agus ag cleachtadh nósanna creidimh a muintire. Sna blianta 1899 agus 1903 rinne sí amhráin a thaifeadadh ar shorcóirí céaracha - an t-aon taifeadadh amháin a rinneadh riamh de theanga Bhundúchasach Thasmánach.

D'iompaigh Fanny agus a fear céile ina Meitidistigh go luath. Bhailigh sí mórán airgid don eaglais agus ise a choinníodh an phicnic bhliantúil ar siúl. Thagadh daoine chun go mbainfidís sult as na rincí agus na hamhráin Bhundúchasacha a bhí aici.

Cailleadh William sa bhliain 2003 agus fuair Fanny bás de niúmóine agus de phlúrasaí sa bhliain 1905. Bhí timpeall 400 duine ar a sochraid, rud a thaispeáin an meas agus an cion a bhí ag daoine uirthi.

De shliocht Fanny Cochrane Smith cuid mhór de phobal Bundúchasach Lia Pootah na Tasmáine.

Naisc cuir in eagar

Palawa kani

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Le léamh cuir in eagar

N. J. B. Plomley, Weep in Silence, Hobart 1987

Mercury (Hobart), 14 Meán Fómhair 1882, 31 Deireadh Fómhair 1899, 23 Márta 1949