Tugtar Ficseanchritic ar stíl iar-nua-aoiseach scríbhneoireachta. Meascán í den fhíorshaol agus den fhicsean, de bhreathnadóireacht eitneagrafaíoch, stair chartlainne, teoiric liteartha agus meamram.[1] Catagóir nua í a sainmhíníodh mar chineál scríbhneoireachta a shaobhann seánraí chun dul i ngleic leis an eiseadh agus leis an bhféineacht.[2]

Fo-chatagóir í atá á sainmhíniú fós, mar tá claonadh aici chun na scéalta aoninsinte, na haistí agus na criticí atá aitheanta i bhficsean, teoiric liteartha agus critic liteartha a mheascadh in aon téacs amháin. Déantar an fhicseanchritic a chleachtadh fiú i gcúrsaí ealaíne.

Nótaí cuir in eagar

  1. "fictocriticism". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-29. Dáta rochtana: 2020-08-27.
  2. "Beyond Fictocriticism".

Tagairtí cuir in eagar

  • Kerr, Heather (1998). "The Space Between: Australian Women Writing Fictocriticism". 
  • Muecke, Stephen (1997). "No Road (bitumen all the way)". Fremantle: Fremantle Arts Centre Press. 
  • Muecke, Stephen (October–December 2002). "parallax": 108–112. 
  • Somerville, Margaret (1999) Body/Landscape Journals, Spinifex Press.
  • Bartlett, Alison (Summer 2006) 'Dear Regina: formative conversations about feminist writing' FemTAP: A Journal of Feminist Theory and Practice1.
  • Anna, Gibbs (April 2005) Fictocriticism, Affect, Mimesis: Engendering Differences. The University of Western Sydney.