Drochíde sa teaghlach

(Athsheolta ó Foréigean teaghlaigh)

Is éard atá i gceist le foréigean teaghlaighforéigean baile, nó go ginearálta, drochíde sa teaghlach, ná foréigean in aghaidh na mban de ghnáth, ach ar leibhéal ginearálta, drochíde fhisiciúil, ghnéasach, airgeadais, mhothúchánachshíceolaíoch duine amháin i gcoinne duine eile ar duine muinteartha é/í nó atá nó a bhí mar dhlúthpháirtnéir, gan aird ar inscne nó ar ghnéasacht..[1][2]

póstaer sna Stáit Aontaithe, 2011
timthriall foréigin ː tarlaíonn an drochíde arís is arís eile
National Center on Domestic and Sexual Violence https://www.nsvrc.org/

Drochíde cuir in eagar

Sáraíonn drochíde sa teaghlach aicme, inscne, cineál agus creideamh reiligiúnach. Is riachtanach a thuiscint go bhféadfaidh drochíde titim amach i réimse fairsing cúinsí ina mbíonn réimse fairsing íospartach i gceist.[1]

Cé gurb ionann mná i gcaidreamh heitreaghnéasach agus tromlach na n-íospartach a thugtar le fios, d’fhéadfadh fir a bheith ina n-íospartaigh den drochíde ó am go ham chomh maith. Tagann an fhéidearthacht chun solais, chomh maith, go mbíonn duine scothaosta nó duine atá faoi mhíchumas faoi chúinsí ina bhfuil an drochídeoir mar chéile nó gaol eile nó cúramóir.

Ina theannta sin, is dóchúla go mbíonn leanaí thíos le hiarmhairtí na drochíde nuair a chónaíonn siad in áit ina dtiteann an drochíde amach.

Féadtar an drochíde a thabhairt ar líne, trí chiapadh ar na meáin shóisialta agus ar láithreáin ghréasáin eile. Áirítear caint mhíchuí faoi dhuine - os comhair an duine sin nó sna meáin shóisialta - sa chineál seo foréigin.[3]

Ní hé nach dtugtar drochíde sa teaghlach ach i gcaidreamh heitrighnéasach amháin, ach féadfaidh sé titim amach, chomh maith, i gcaidreamh LADT.[1]

Síceolaíocht cuir in eagar

Uaireanta is beag grá atá ag daoine dófa féin agus nuair atá daoine in ísle brí mar seo agus bíonn siad ag brath ar an té a bhfuil siad i ngaol nó pósta leo. Tugann siad an oiread sin grá don duine eile nach smaoinínn siad orthu féin mórán - is furasta do dhaoine cruálacha a dhul i gceann ar dhaoine mar seo, ar an drochuair.[4]

Is beag a thuigeann daoine cé chomh crua agus atá sé léimnigh isteach i gcarr faoi dhorchadas na hoíche agus gan leat ach do mhála agus fón agus tú ag fágáil slán le do bhaile de bharr go bhfuiltear ag tabhairt drochíde ort. Agus, anuas ar an donas sin, má tá páistí i gceist fosta is deacair an cinneadh a leithéid a dhéanamh. 

Is deacair do go leor daoine a admháil go bhfuil fadhb ina gcaidreamh - uaireanta is deacair do dhaoine a thuigbheáil nach orthu féin atá an locht agus an t-uchtach a fháil an fón a thógáil agus glaoch a chur ar dhuine inteacht. Tá sé thar a bheith tábhachtach áfach.[4]

In Éirinn cuir in eagar

Leagtar amach i dTuarascáil 2022 an Chomhlathais de Ghrupaí Cúnta na mBan go ndearnadh 31,229 teagmháil lena líne chabhrach náisiúnta agus lena gcuid seirbhísí réigiúnacha - sin an líon is airde a taifeadadh riamh. Mar thoradh ar na teagmhálacha rinneadh 33,990 líomhaint faoi mhí-úsáid teaghlaigh, lena n-áirítear 5,412 tuairisc ar mhí-úsáid leanaí.[4]

Dlí in Éirinn cuir in eagar

Ní thugtar sainmhíniú ar dhrochíde sa teaghlach i Reachtaíocht na hÉireann acht tá foréigean teaghlaigh ag éirí an-choitianta.

Tugadh straitéis nua isteach chun dul i ngleic le foréigean teaghlaigh sa bhliain 2022. Ceithre bhunchloch atá luaite leis an straitéis seo, mar atá, cosaint, cosc, cúisiú agus comhordú polasaithe.[3] Méadaíodh líon na n-áiteanna in ionaid tearmainn ó 141 go breis agus 280. Ardaíodh an t-uastéarma príosúin ó chúig bliana go deich mbliana nuair a mbíonn Ionsaí is Cúis le Díobháil i gceist.[5]

Acht um Chothromaíocht Oibre agus Saoil, 2023 cuir in eagar

Faoin Acht um Chothromaíocht Oibre agus Saoil, a ritheadh sa bhliain 2023, is féidir le daoine a fhulaingaíonn foréigean baile suas le cúig lá a thógáil saor sa bhliain gan aon chiorrú ar a gcuid pá. Tá oibleagáid dhlíthiúil ar fhostóirí a dtuarastal iomlán a íoc le daoine a chaithfeas am saor a thógáil óna gcuid oibre mar gheall ar fhoréigean baile.[6]

De réir an dlí, tá ar fhostaithe a rá lena bhfostóirí gur mar gheall ar fhoréigean baile atá an t-am saor de dhíth orthu ach níl aon oibleagáid orthu a scéal a chruthú. Mura mbeadh fostóir sásta glacadh le hiarratas ar am saor, is féidir leis an bhfostaí dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Tá acmhainní curtha ar fáil saor in aisce d'fhostóirí ar an suíomh www.DVatWork.ie.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "Cad é Drochíde sa Teaghlach" (ga). Garda. Dáta rochtana: 2022-06-30.
  2. cogg.ie. "Ar scáth a chéile". Dáta rochtana: 2022.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2022-06-28). "Straitéis úr foréigin teaghlaigh: cosaint, cosc, cúisiú, comhordú" (as ga). 
  4. 4.0 4.1 4.2 Michelle Nic Pháidín < Meon Eile (6 Samhain 2023). "Foréigean baile: dubh (gorm) i ngrá, agus cás Jennifer Zamparelli". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-11-06.
  5. "Cad é ionsaí?" (ga). Garda. Dáta rochtana: 2022-06-30.
  6. 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2023-11-27). "Cearta nua ó inniu ag daoine a fhulaingíonn foréigean baile" (as ga-IE). 
  7. garda.ie (2017). "Domestic Abuse Intervention Policy 2017". Dáta rochtana: 2022.