San ailtireacht chosantach, is éard is forbhalla ann (Béarla: battlement) ná uchtbhalla (.i. balla íseal cosanta idir airde an uchta agus airde an chinn; parapet i mBéarla), ina ndearnadh bearnaí nó eangaí, dronuilleogach de ghnáth, suite fad áirithe ó chéile, ónar féidir saigheada nó teilgeáin eile a scaoileadh. Tugtar creinilí (Béarla: crenels) ar na bearnaí seo agus meirilí (Béarla: merlons) ar na píosaí soladacha idir na creinilí. Tugtar cíor lámhaigh ar bharr aon bhalla a bhfuil creinilí ann.

Forbhalla ar Bhalla Mór na Síne

I gcúrsaí cogaidh, nuair a bhíonn caisleán nó cathair faoi ionsaí, is féidir leis na cosantóirí dul i bhfolach taobh thiar d'fhorbhalla, agus teacht amach go tapa chun a gcuid teilgeán a scaoileadh. D’fhéadfaí foirgneamh cosanta a dhearadh agus a thógáil le forbhallaí, nó d’fhéadfaí foirgneamh a neartú trí fhorbhallaí a chur leis, trí chreinilí a ghearradh in uchtbhalla a bhí ann cheana, nó forbhallaí a thógáil as an nua. Sna meánaoiseanna déanacha i Sasana, ba mhinic a cuireadh creinilí ar thúir eaglaise, agus uaireanta ar na ballaí níos ísle freisin. Maisiúcháin a bhí sna forbhallaí seo, mar a bhí ar go leor foirgneamh tuata freisin.