Forcheartú (teangeolaíocht)

Is éard is forcheartú ann ná coincheap teangeolaíochta ina mbaintear feidhm neamhchaighdeánach as teanga de bharr úsáid mhícheart rialacha a shamhlaítear léi. Is gnách go gcreideann cainteoir nó scríbhneoir a dhéanann forcheartú go bhfuil an fhoirm atá in úsáid acu i gceart, de bharr nach dtuigeann siad na rialacha chomh maith le hiarracht cuma an léinn nó an oideachais a chur air nó uirthi féin.


Sampla maith den fhocheartú a bhí le fáil i mír nuachta de chuid Nuacht TG4 inár léiríodh ar an scáileán greamán ar a raibh na focail "ANTIFA" agus "An Ghaeltacht" le feiceáil, ach gur mar "ANTIFA na Gaeltachta" a léigh an tuairisceoir amach téacs an ghreamáin. Ní raibh aon chinnteacht gur faoi réir "ANTIFA" a bhí "an Ghaeltacht" ar an ngreamán, agus mar sin, níor ghá an t-infhilleadh ginideach a chur i bhfeidhm ar an ainmfhocal Gaeltacht. Ar eagla a cháinte, b'fhéidir, agus le nach gcuirfí ina leith gan eolas mar is ceart a bheith ar rialacha an ghinidigh aige, ba é an t-infhilleadh ginideach a roghnaigh an tuairisceoir, agus is sórt "focheartú" ba thoradh leis an iarracht. Féach anseo ar an mír: https://twitter.com/i/status/1270417636212584451