Is éard is fosfairít, carraig fosfáitefosfáit charraige ann ná carraig dhríodair neamh-dhráimh, ina mbíonn méideanna arda de mhianraí fosfáit. Athraíonn méid na fosfáite san fhosfairít (nó grád na carraige fosfáite) go mór, ó 4%[1] go dtí 20% peantocsaíd fhosfair (P2O5).[2] Cuirtear an charraig fosfáite saibhrithe (nó "beinifíthe") go 28% ar a laghad ar an margadh, go minic níos mó ná 30% P2O5. Tarlaíonn sé seo trí níocháin, scagadh, dí-aoladh, scaradh maighnéadach nó snámhacht. Sé sin, i gcomparáid le níos lú ná 0.2% an meán-mhéid fosfair sna carraigeacha collafáin dríodair. Tá an fhosfáit i láthair mar fluar-apaitít Ca5(PO4)3F, de ghnáth i maiseanna cripticriostalta (gránmhéideanna <1 μm) dá ngairtear deascáin d'apaitíte dríodair de bhunadh neamhchinnte. Tá sí i láthair freisin mar hiodrocsa-apaitít Ca5(PO4)3OH nó Ca10(PO4)6(OH)2, a bhíonn díscaoilte go minic ó chnámha agus fiacla veirteabracha, cé gur féidir le fluar-apaitít a thionscnamh ó fhéitheacha hidriteirmeacha. Is minic a bhíonn deascán fosfairíte i sraitheanna fairsing, a chlúdaíonn i ndiaidh a chéile na mílte ciliméadar cearnach de screamh an Domhain.[3]

Fosfairít pheileodiach, Foirmiú Fosfairia, Simplot Mine, Idaho. 4.6 cm ar leithead.
Fosfairít pheileodiach iontaiseach, (4.7 cm ar fud), Cúige Yunnan Cúige, an tSín.


Tagairtí cuir in eagar