Franz Müntefering

polaiteoir Gearmánach

Is polaiteoir Gearmánach é Franz Müntefering(cabhair, comhaid) (rugadh 16 Eanáir 1940 in Neheim, an Ghearmáin).

Franz Müntefering
Franz muentefering crop.jpg

Iar leas-Seansailéar na Gearmáine
In oifig
2005-21 Nollaig 2007
Réamhtheachtaí: Joschka Fischer
Comharba: Frank-Walter Steinmeier

Dáta breithe 16 Eanáir 1940
Áit bhreithe Neheim, An Ghearmáin
Páirtí SPD

Bhí sé ina aire tráchta, tógála agus tithíochta ó 1998-1999. Bhí sé ina chathaoirleach ar an SPD ó 2002-2005. Rinneadh aire den roinn oibre agus cúrsaí sóisialta de ,idir 2005 agus 2007 agus é ina leas-seansailéar i gcomhrialtas Angela Merkel.

Ansin d'éirí sé as an bpolaitíocht ar feadh bliana le cúram a thabhairt dá bhean chéile a fuair bás i rith na bliana úd de bharr ailse.

Toghadh é mar cheannaire ar an SPD i gcomharbacht ar Kurt Beck, ar an 18 Deireadh Fómhair 2008. D'éirí sé as mar cheannaire an SPD ar an tríú lá déag de mhí Shamhna 2009 tar éis an toradh tubaisteach a bhí ag an SPD sa toghchán náisiúnta i mí Meán Fómhair 2009.

Níos déanaí, níor lig sé a ainm dul ar aghaidh mar iarrthóir iomaíocht cheannaireachta ag comhdháil náisiúnta an SPD.