Fuascailt na seirfeach, 1861
Ar 3 Márta 1861, cuireadh saoradh sheirfigh na Rúise i bhfeidhm trí fhorógra an tSáir Alastar a Dó. Fuair thart ar 23 milliún duine, 38% de dhaonra na Rúise ag an am, a gcuid saoirse.[1]
Cineál | leagan, eagrán, nó aistriúchán edict (en) leasú | ||
---|---|---|---|
Dáta na bliana | 1861 | ||
Údar | Alastar II na Rúise | ||
Tír | Impireacht na Rúise | ||
Cúlra
cuir in eagarRoimhe sin, díoladh agus ceannaíodh na seirfigh thalún leis an talamh a bhaineadar leis, gan ceart pósta gan cead a dtiarna talún, gan ceart taistil, gan ceart a réadmhaoin nó comhlacht féin a bheith acu, agus le dualgas trom obair a thabhairt don tiarna i rith na bliana; agus ní raibh sna seirfigh thí acht sclábhaithe.[1]
Fuascailt
cuir in eagarDúirt an Sár go raibh sé ní b’fhearr deireadh a chur leis an seirfeachas ón mbarr, ná fanacht go ndíothóthaí é ón mbun. Fuair na seirfigh thalún deis cuid den talamh ar a d’oibrigh siad a cheannach, fiú ar phraghas ard (níor tugadh aon deis talamh a cheannach do na seirfigh thí). Uaireanta bhí an giota beag talún róbheag chun maireachtáil a gclainne a bhaint amach;.
Cé go raibh an feidhmiú go mall le deacrachtaí móra, d’athraigh an saoradh sochaí na Rúise go mór, agus chuir sé deireadh leis an gcóras ina raibh anamacha i seilbh sa Rúis go deo.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Conradh na Gaeilge Londain (3 Márta 2023). "Nuacht Mhall: Cothrom an Lae (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-03-31.
- ↑ "Le grand siècle russe d'Alexandre Ier à Nicolas II" (fr). Babelio. Dáta rochtana: 2023-03-31.