Chun comhleá núicléach a chur chun cinn, ní mór na núicléis bheaga atá araon luchtaithe go dearfach a bhrú chomh gar sin dá chéile go sáraítear a gcomhéaradh. I dtíortha ar fud an domhain, táthar ag iarraidh an t-imoibriú seo a chur ar siúl ar bhonn leanúnach stiúrtha chun fuinneamh comhleá a fháil uaidh agus cumhacht leictreach a ghiniúint uaidh sin.[1][2] Dá mbeadh fuinneamh comhleá againn, ní bheadh astaíochtaí gás ceaptha teasa ná dramhaíl radaighníomhach ann.[3]

5 Nollaig 2022ː Lawrence Livermore National Laboratory, National Ignition Facility

Ar 5 Nollaig 2022, dúirt eolaithe[4] in California go raibh "mórfhionnachtain" déanta acu ab fhéidir an bealach a réiteach don fhuinneamh glan san am atá romhainn. Tar éis leathchéad bliain de thaighde ar chomhleá núicléach, maítear gur scaoileadh ní bá mhó fuinnimh ná a cuireadh isteach den chéad uair, feiniméan ar a dtugtar adhaint nó méadú fuinnimh.[5] Chuir eolaithe ar fud an domhain fáilte roimh an fhionnachtain seo, ach tá a lán le déanamh sula mbeidh fuinneamh comhleá glan ann.[3][6]

Féach freisin cuir in eagar

Nasic cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéaim). 
  2. "What is nuclear fusion and what have scientists achieved?" (en). the Guardian (2022-12-13). Dáta rochtana: 2022-12-28.
  3. 3.0 3.1 Conradh na Gaeilge, Londain (17 Nollaig 2022). "Nuacht Mhall (podcast), Tír Eoghain" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-12-28.
  4. Lawrence Livermore National Laboratory, National Ignition Facility
  5. "‘Breakthrough’ as fusion experiment generates excess energy for the first time | Imperial News | Imperial College London" (en). Imperial News. Dáta rochtana: 2022-12-28.
  6. "Despite the hype, we shouldn’t bank on nuclear fusion to save the world from climate catastrophe | Robin McKie" (en). the Guardian (2022-12-17). Dáta rochtana: 2022-12-28.
  7. "ITER - the way to new energy" (en). ITER. Dáta rochtana: 2022-12-28.
  8. "ITER" (as en) (2022-12-27). Wikipedia.