Géarchéim airgeadais 2023

Bhris Géarchéim airgeadais 2023 amach nuair a theip an banc, 'Silicon Valley Bank' (SVB) i gCalifornia ar 10 Márta 2023.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGéarchéim airgeadais 2023
Íomhá
Cineálbanking crisis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2023 global banking crisis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse8 Márta 2023 - 
Dáta na bliana2023 Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Ba chúis leisBank Term Funding Program (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Fed Funds agus Treasuries

Cúiseanna cuir in eagar

Le linn 2022-2023, bhí an Banc Cúlchiste Feidearálach ag ardú rátaí úis, agus thit an tóin as na Treasuries, na bannaí rialtais, dá bharr sin. Ach chuir SVB go leor Treasuries i ngeall mar chomhthaobhacht.

Tarrtháil cuir in eagar

Ghabh Comhlacht Árachais Taiscí Feidearálacha (CATF) na Stát Aontaithe seilbh ar Silicon Valley ar 10 Márta 2023. Dhún na rialtóirí Meiriceánacha an banc nuair a rinneadh astarraingt ollmhór ar na taiscí tar éis do luach na scaireanna titim as a chéile.[1]

Bronnann an foras stáit sin ráthaíocht ar thaiscí bainc, go dtí $250,000.[2] I ndiaidh an táthcheangail, bhí an CATF ag iarraidh SVB a dhíol.

Bhuail deacrachtaí eile an earnáil baincéireachta sna Stáit Aontaithe, agus tháinig ardú mór ar árachas chun cosaint a thabhairt do na bainc i gcás loicthe. Bhí First Republic Bank i gCalifornia ar forbhás. Ach tháinig bainc eile i gcabhair air agus airgead a chur i dtaisce ann.[3]

Iarmhairtí san Eoraip cuir in eagar

Bhí na rátaí úis ag dul in airde san Eoraip chomh maith, agus bhí na infheisteoirí ag éirí drogallach roimh rioscaí.[4] Thit luach stoc i mbainc go trom ar na margaí airgeadais.[5] Tháinig bainc cheannais san Eoraip le chéile lena chinntiú go mbeadh bainc fós leachtach agus in ann sócmhainní a shóinseáil go hairgead tirim.[3]

Ar 19 Márta 2023, tarrtháladh ceann de na bainc is mó san Eoraip, Crédit Suisse, a bhí ar shéala loiceadh. Cheadaigh Rialtas na hEilvéise do mhórbhanc eile, UBS, Credit Suisse a cheannach ar €3 billiún agus dul freagrach i gcaillteanais de €5 billiún. Bhí Rialtas na hEilvéise ag dul in urrús ar an socrú a rinneadh faoi théirim lena chinntiú nach loicfeadh Credit Suisse agus nach dtarraingeofaí géarchéim baincéireachta idirnáisiúnta.[3]

Bhí sé geallta ag an mBanc Ceannais Eorpach go dtabharfar iasachtaí do bhainc sa limistéar euro, más gá.

Éire cuir in eagar

Dúirt an Roinn Airgeadais in Éirinn, "Cé gur beag de thionchar díreach atá ag teip an Bhainc ar chóras airgeadais na hÉireann, tá iasachtaí faighte ag roinnt comhlachtaí Éireannacha ó SVB ó 2012,"[1]

Sa bhliain 2019, d'fhógair SVB go raibh sé i gceist acu a gcuid iasachtaí do ghnólachtaí nuabhunaithe teicneolaíochta Éireannacha a mhéadú go $500m mar chuid de chomhoibriú le Ciste Infheistíochta Straitéisach na hÉireann (ISIF). Dúirt an Ciste sin go raibh tuairim is $100m infheistithe sa bhliain 2023 i gcúig chiste infheistíochta a bhí faoi bhainistíocht SVB Capital, fochuideachta le SVB Group.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar