Cine gabhair de bhunús Gailíseach é an gabhar Gailíseach (Capra aegagrus hircus). I 2012, bhí 622 cheann (514 mná agus 108 fir) sa tréad iomlán, roinnte idir 64 fheirm.[1] Tá siad oiriúnaithe go han-mhaith dá dtimpeallacht agus, de réir Invesaga (Taighde Sláinte Ainmhithe na Gailíse) tá friotaíocht níos fearr acu in aghaidh ionfhabhtú ón bpucán ae coiteann(en) ná ciníocha eile gabhair.[2]

Minseach Ghailíseach

Dáileadh geografach cuir in eagar

Go ginearálta, tá baill an chine ghabhair seo scaipthe tríd na criosanna sléibhtiúla, an chuid is mó acu i gcúigí Lugo agus Ourense.

Moirfeolaíocht cuir in eagar

 
Pocaide Gailíseach

Ainmhithe adharcacha, de phróifíl dhíreach nó fochuasach, agus de dhémhorfacht ghnéasach mhór iad (en). Is de dhath amháin é a gclúmh: mahagaine nó foltbhuí, agus nuainsí éagsúla acu. Sna comórtais, meastar gur dícháilíocht é má tá lorganna bána air.

Déanann adharca na minseach stua ar gcúl agus as a gcéile. Bíonn adharca na bpocaidí i gcruth seilide, agus de mhéid níos mó ná iad atá ar na minseacha.

Bíonn féasóg agus siogairlíní ar na pocaidí, nithe a fhorbraíonn ó am go chéile i bhfoirm bhuntusúil ar na minseacha fosta. Bíonn na pocaidí níos mó ná na minseacha – airde go dtí 65cm agus meáchan timpeall ar 55kg ag na minseacha, agus 75cm agus 70kg ag na pocaidí.

Tagairtí cuir in eagar