Tugtar an Ghalltacht ar an gcuid d' Éirinn nó d' Albain, ina labhraítear Béarla mar ghnáththeanga. Tugtar an Ghaeltacht (nó "an Gaedhealtacht" as Gaeilge Uladh) nó, in Albain, an Ghàidhealtachd, ar an gcuid den tír ina labhraítear Gaeilge mar ghnáththeanga. Tugtar breac-Ghaeltacht ar cheantar ina labhraítear roinnt Gaeilge, ach ina labhraítear roinnt mhaith Béarla chomh maith. In Éirinn, tá go leor ceantar inniu ina labhraítear fíorbheagán Gaeilge, ach atá fós i dteideal Gaeltacht a thabhairt orthu féin, agus a bhaineann tairbhe as le deontais Ghaeltachta.